Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Oscailt Oifigiúil Bhóthar Ceangail Joe Bonner

25-06-21 Bóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí oscailte go hoifigiúil

Joe Bonner Link Road

An Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag gearradh an ribín ag oscailt oifigiúil Bhóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí, i gcomhpháirt leis an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, John McLaughlain Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionadaithe Poiblí, baill foirne de chuid na Comhairle, agus baill de theaghlach Bonner agus aíonna.

 

D’oscail an Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar leis an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, Bóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí go hoifigiúil Dé hAoine 18 Meitheamh. Bhí Bóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí ina ardtosaíocht do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus déanann sé ceangal idir Bóthar Niall T Bléine agus Bóthar an Phoirt.

 


Tá an bóthar 323 méadar ar fad, ag cur Tírdhreach úr Uirbeach ar fáil ina bhfuil cosáin agus raonta rothar, agus é beartaithe go mbeidh soilse ag an Acomhal le Bóthar Niall T Bléine roimh dheireadh na bliana.

 


Tá an bóthar tógtha trasna drochchoinníollacha talún agus tá obair bhreise déanta chun féachaint chuige go mbeidh sé inmharthana i gcomhthéacs aon athruithe amach anseo, ina measc sin, obair shéarachais, príomhphríopa uisce, bonneagar BSL agus teileachumarsáide i gcomhpháirt le hUisce Éireann, BSL agus comhlachtaí Teileachumarsáide. Bhí sprioc-amanna dochta ann leis na hoibreacha a chur i gcrích, agus is oibrithe de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall is mó a rinne an obair dheartha agus an obair thógála.

 


Fuarthas maoiniú don tionscadal ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) faoi Scéim Deontas d’Ionaid Uirbeacha Shainaitheanta (SDIUS) agus Comhairle Contae Dhún na nGall. Is é Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a rinne ciste an CFRE a riar.

 


Agus í ag caint ag an Oscailt, dúirt an Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Is nasc tábhachtach straitéiseach i nGréasán Bóithre Leitir Ceanainn é Bóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí. Tá an bóthar ainmnithe in ómós do Sheosamh Ó Cnáimhsí, nach maireann, fiontraí a d’fhorbair Páirc Ghnó Nasc an Phoirt. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt ball de theaghlach Uí Chnáimhsí i láthair anseo inniu, agus ba mhaith liom fáilte ar leith a chur rompusan.

 

Joe Bonner Family

Baill de theaghlach Uí Chnáimhsí ag oscailt oifigiúil Bhóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí in éineacht leis an Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach.

 


Dúirt an Clr. Rena Donaghey fosta: ‘do thograí den chineál seo bíonn i gcónaí cuid mhór daoine i gceist. Tá a fhios agam go mbeidh cainteoirí eile inniu ag tabhairt aitheantais don obair a rinne daoine ar leith, ach ba mhaith liom féin buíochas a ghabháil le gach duine a d’oibrigh ar an tionscadal agus comhghairdeas a dhéanamh libh as toradh oibre den scoth. San iomlán, is píosa úr eile de bhóthar d’ardchaighdeán ar an bhonneagar bóithre é seo sa chontae, agus beidh sé ag freastal ar phobal Leitir Ceanainn agus Dhún na nGall san am atá romhainn, agus tá mé féin bródúil as bheith anseo inniu leis an oscailt oifigiúil a dhéanamh’.

 

 

Ag caint leis ag an oscailt oifigiúil fosta, dúirt an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach: ‘tugaim aitheantas don mhaoiniú a fuarthas ón CFRE ach ba mhaith liom moladh a thabhairt fosta don fhís a bhí ag Sean-Chomhairle Baile Leitir Ceanainn a chuir airgead ar leataobh don bhóthar seo ar feadh na mblianta agus a chinntigh go mbeadh sin ar fáil chun comh-mhaoiniú a dhéanamh leis an CFRE.

 


Bhí sé seo ina chuspóir ag Sean-Chomhairle Baile Leitir Ceanainn le fada an lá agus is iontach a fheiceáil go bhfuil sé curtha i gcrích sa deireadh thiar thall anois.
Tá muid ag dréim go gcuideoidh an stráice bóthair seo chun cuid de na fadhbanna tráchta atá againn i Leitir Ceanainn a réiteach, agus cuirfidh sé le hoibreacha feabhsúcháin eile atá beartaithe, amhail soilse ag timpeallán an Pole Star agus Bóthar Bhaile Raithin, ar cuireadh tús leo ar na mallaibh’.

 


Ba é Breandán Ó Domhnaill, Stiúrthóir Seirbhísí, a bhí i mbun imeachtaí ar an lá, agus lena chois sin, ghabh an tUas. John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall, a chomhghairdeas agus a bhuíochas le gach duine a bhí páirteach i gcur i gcrích an tionscadail.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO