Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Príomh-Fheidhmeannach úrcheaptha

20-04-21 Preasráiteas ó Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Rena Donaghey.

An Clr. Rena Donaghey Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an Phríomhfheidhmeannach nuacheaptha, John McLaughlin

 

‘Tá lúcháir ormsa, mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, a fhógairt gur shocraigh na baill tofa d’aon ghuth ag cruinniú speisialta de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall chun John Mc Laughlin a cheapadh mar Phríomh-Fheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Moladh John don phost i ndiaidh do páirt a ghlacadh sa phróiseas oscailte iomaíoch a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

 

Is mian comhghairdeas a ghabháil le John as a cheapachán agus guím gach rath air ina phost úr. 

Ag an chruinniú, d’fháiltigh na baill tofa roimh an cheapachán agus ghabh siad a gcomhghairdeas agus a ndea-ghuí le John agus é ag dul i mbun oibre mar Phríomh-Fheidhmeannach. 

 

Rinne siad tagairt dá shaothar agus don mhéid atá déanta aige cheana féin don Chontae agus é ar dualgas i bpostanna eile sa Chomhairle.     

 

Tá breis is tríocha bliain taithí ag John ag obair ag leibhéal Bainistíochta Sinsearaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí.  Is ball d’Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí na Comhairle é le breis is fiche bliain agus b’iomaí uair é ar an stiúir ar thionscadail straitéiseacha agus ar thionscnaimh eile sa Chontae le linn na tréimhse sin.

 

Is maith is eol dó na dúshláin atá sa Chontae faoi láthair agus sheas sé bhearna bhaoil go héifeachtach ó tháinig post an Phríomh-Fheidhmeannaigh folamh i mí Iúil seo caite. 

 

Tá a fhios agam go mbeidh na Baill Tofa, Foireann Bainistíochta Sinsearaí na Comhairle agus Baill Foirne na Comhairle ar fad ag tacú lenár bPríomh-Fheidhmeannach úr chun ár gcuspóirí comhroinnte d’fhorbairt leanúnach an Chontae a bhaint amach. 

 

 Tuigim go mbeidh seo fíorthábhachtach dó agus tá mé cinnte go mbeidh leas an Chontae chun tosaigh aige le linn a théarma oifige’.   

 

Deireadh.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO