Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Sábháilteacht bóthair ag tús na scoilbhliana

Moilligh: Bíodh meas againn ar a chéile ar na bealtaí móra anois agus tús na scoilbhliana buailte linn

Nuair a thosaíonn na laethanta scoile arís bíonn tuilleadh tráchta ann ar maidin agus sa tráthnóna. Bíonn busanna scoile ag tógáil páistí, bíonn páistí ag siúl agus ag rothaíocht faoi dheifir chun na scoile sula mbuailtear an cloigín, bíonn tuismitheoirí ag iarraidh a gcuid páistí a fhágáil ag an scoil roimh dóibh féin dul ag obair.  Tá sé an-tábhachtach go rachadh tiománaithe rud beag níos moille agus aird a thabhairt ar pháistí ar an bhóthar, go háirithe roimh am scoile agus ina dhiaidh. Cuirtear i gcuimhne do thiománaithe go mbeidh méadú suntasach ar an mhéid tráchta chun scoile sna laethanta amach romhainn.  Ba chóir dóibh a bheith ag dréim fosta le méadú ar líon na bpáistí a bheas ag úsáid na mbóithre agus iad ag dul ar scoil.

 

Dúirt Brian Ó Domhnaill, an tOifigeach Sábháilteachta Bóthair: “Caitheann tuismitheoirí agus múinteoirí cuid mhór ama ag cur i gcuimhne do dhaltaí scoile an tsábháilteacht bóthair a chleachtadh agus iad ag siúl nó ag rothaíocht chun na scoile.  Mar sin féin, ní hiad na daltaí scoile amháin a úsáideann na bóithre, agus is gá do dhaoine eile cur lena scileanna sábháilteachta fosta, anois agus an scoilbhliain úr buailte linn.  Is gá do gach tiománaí ath-eolas a chur ar na cleachtais sábháilte tiomana chomh maith.

 

“Cé go mbíonn baint idir an samhradh agus an tiomáint chontúirteach, tá contúirtí dá chuid féin ag baint leis an philleadh ar scoil, do dhaltaí agus do thiománaithe araon.  Is féidir linn cuid mhór a dhéanamh le gach duine a choinneáil sábháilte trí na contúirtí sin a chur i gcuimhne dúinn féin, agus trí ullmhú le bheith in ann na contúirtí sin a láimhseáil.

 

Bíodh an teorainn luais ar eolas agat. 

Leag uait an guthán póca.

Coinnigh súil amach fá choinne coisithe.

Tiomáin go mall thar charranna páirceáilte.

Ná gabh choíche thar bhus scoile atá ag fágáil nó ag tógáil páistí.

 

Bíonn tuismitheoirí, páistí agus tiománaithe bus uilig gnoitheach ar philleadh na scoileanna, agus mar sin de, is gá do gach duine againn ár bpáirt a dhéanamh leis na bóithre a dhéanamh sábháilte agus súil a choinneáil amach do gach duine a úsáideann iad.  Trí bheith níos cúramaí agus níos faichillí, thig linn na na bóithre a dhéanamh níos sábháilte d’achan duine.

Tá roinnt acmhainní sábáilteachta bóthair faoi choinne múinteoirí agus daltaí ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun an tsábháilteacht bóthair a chur chun cinn agus a spreagadh i measc daltaí scoile.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO