Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Scéim Deontais Colmcille 1500

Maoiniú oscailte do chomóradh Colmcille 1500

Tá scéim úr deontais mar chuid de chomóradh Colm Cille 1500 oscailte anois le haghaidh iarratais.

 

 

Is comóradh bliana é Colm Cille 1500 a cheiliúrann 1500 bliain ó rugadh Colm Cille,ar a dtugtar Columba fosta. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ag comhordú clár don bhliain a chuimsíonn scéim deontas pobail atá oscailte anois d’iarratais go dtí 3.00i.n. Dé hAoine 19 Feabhra 2021.

 

Tá deontais de €2,000 nó £1,800 ar fáil do thograí a tharlaíonn go príomha laistigh de cheantair Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus tá an scéim oscailte d’eagraíochtaí pobail nó do ghrúpaí/daoine aonair atá ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail.

 

 

Tugann an comóradh 1500 bliain seo aitheantas do thábhacht agus d’oidhreacht Naomh Colm Cille, ní hamháin do Dhún na nGall agus do Dhoire Cholm Cille ach d’Éirinn go hiomlán, d’Albain agus ar fud an domhain. Mairfidh an comóradh bliana ón 7 Nollaig 2020 go dtí an 7 Nollaig 2021

 

Faigheann an clár atá á chomhordú ag an dá Chomhairle tacaíocht óna bpríomhpháirtithe:  Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt i gcomhar le hOifig an Fheidhmeannais agus Rialtais na hÉireann. Tá an clár bunaithe ar an Iniúchadh ar Oidhreacht Cholm Cille[1] a rinneadh sa bhliain 2018. Dhéanfar é a sheachadadh i gcomhpháirt le réimse de eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta

 

Ceapadh Bainisteoir Tionscadail tiomnaithe Colmcille 1500 le gairid mar chuid den chlár chun cuimhneacháin trasteorann don bhliain a threorú agus a chomhordú. Beidh réimse tograí, imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl i rith na bliana, chomh maith leis an scéim deontais. Tá sé mar aidhm níos mó eolais agus aithne a chur ar Colm Cille agus oidhreacht bhuan a bhunú. Beidh ról tábhachtach ag an scéim deontais trí thacú le pobail áitiúla cur leis an bhliain agus leis an oidhreacht.

 

Dúirt Bainisteoir Tionscadail Colm Cille 1500, Deirdre Harte an méid seo: ‘Tá áthas iontach orm a bheith sa phost agus ag dúil go mór leis an bhliain amach romhainn. Ceann de na chéad tascanna a bhí romham; scéim bheag deontais a chur ar bun chun maoiniú a chur ar fáil do thograí a bhaineann le hoidhreacht Cholm Cille, mar shampla, trí chultúr, oidhreacht, ealaíona, litríocht, spioradáltacht, teanga, ceol nó scéalaíocht” .

 

“Mholfainn do ghrúpaí áitiúla a theacht chun tosaigh le smaointe cruthaitheacha chun an comóradh suntasach seo a cheiliúradh.  D’fhéadfadh gníomhaíochtaí mar imeachtaí, taispeántais, saothar ealaíne nó tionscadail eile a bhfuil téama láidir Cholm Cille iontu a bheith mar pháirt den chomóradh. Chuir COVID 19 dúshláin mhóra ár mbealach i mbliana agus muid ag ullmhú do chomóradh Colmcille 1500 ach tá deis ann ceiliúradh a dhéanamh do lucht féachana idirnáisiúnta trí imeachtaí fíorúla mar shampla”.

 

“Seo deis iontach chun cruthaitheacht ár bpobail áitiúla a thaispeáint agus oidhreacht Cholm Cille a chur os comhair an lucht féachana de gach aois. Táimid ag dúil go mór le feiceáil cad iad na smaointe a thiocfaidh chun cinn”

 

Is féídir theacht ar shonraí iomlána ar an mhaoiniú atá le fáil anseo.

 

CRÍOCH

 

Déan teagmháil le do thoil le haghaidh fiosrúcháin:

Deirdre Harte

Bainisteoir Tionscadail Colmcille 1500

Comhairle Contae Dhún na nGall

Rphost: [email protected]

Fón: (00353) 087 246 7424



[1] Tagairt anseo don ‘Audit of Columban Heritage’ i mBéarla

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO