Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge san Iarthuaisceart le seoladh 26 Feabhra 2021

 

Seachtain na Gaeilge le Seoladh ar Líne do Chontae Dhún na nGall agus Cheantar an Iarthuaiscirt ar an Aoine, 26 Feabhra 2021 ar 7pm

 

 

Nasc chuig an Seoladh

  

Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus roinnt coistí pobail agus coistí Gaeilge eile, tús spleodrach ar líne le Seachtain na Gaeilge 2021 do Chontae Dhún na nGall agus do Cheantar an Iarthuaiscirt, ar an Aoine, 26 Feabhra 2021 ar 7pm.

 

 

Agus í ag caint faoin fhéile, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Donaghey: “Tháinig an ruathar a rinne COVID-19 aniar aduaidh ar go leor againn anuraidh agus mar gheall ar sin, b’éigean dúinn deireadh tobann  a chur le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge in 2020 ar mhaithe le sláinte na ndaoine a chosaint ón ghalar uafásach seo.

 

“Bliain ar aghaidh agus tá COVID-19 linn go fóill, ach as na dúshláin, tháinig féidireachtaí agus tá lúcháir ar an dá Chomhairle, i gcomhar le neart grúpaí pobail eile, a fhógairt go mbeidh Seachtain na Gaeilge á reáchtáil go hiomlán ar líne i mbliana ionas gur féidir linn ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh agus é sin a dhéanamh ar ardán atá go hiomlán slán ó aon ionsaí ó COVID-19.”

 

Mar an gcéanna le cuid mhaith blianta anuas, beidh go leor imeachtaí á reáchtáil ag Seirbhísí Leabharlainne agus Seirbhísí Cultúrtha na Comhairle Contae chomh maith. Dúirt Eileen Burgess, Bainisteoir Rannán Cultúir na Comhairle Contae: “Tá lúcháir orainne i Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall lántacaíocht a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge san iarthuaisceart arís i mbliana. Tá réimse mór imeachtaí ar chlár na bliana seo, agus cé go mbeidh siad ar líne nó i dtithe na ndaoine, tá muid cinnte go mbeidh deis ag gach duine, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa, teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i gcuid mhór gníomhaíochtaí sóisialta, oideachasúla agus cultúrtha i nGaeilge”. 

 

 

Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2021

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall thar a bheith bródúil go bhfuil Dónall Mac Ruairí, de bhunadh Rann na Feirste, ainmnithe agus roghnaithe mar Ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2021 do Dhún na nGall agus Cheantar an Iarthuaiscirt.

 

Agus í ag caint ar ról Dhónaill, dúirt Róise Ní Laifeartaigh, Oifigeach Gaeilge Pobail le Comhairle Contae Dhún na nGall: “Tá clú agus cáil ar Dhónall mar léiritheoir agus láithreoir ar Raidió na Gaeltachta agus mar bhall teaghlaigh de chuid Chlann Mhic Ruairí.  Is cainteoir Gaeilge den chéad scoth é agus tá sé de phribhléid againn go bhfuil sé ag feidhmiú dúinn mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2021 sa taobh seo tíre”.

 

Seolfar Seachtain na Gaeilge san iarthuaisceart ar líne ar an Aoine, 26 Feabhra 2021 ar 7pm, ar leathanach facebook agus cainéal youtube Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus is é Ambasadóir na Féile, Dónall Mac Ruairí a dhéanfaidh an seoladh ar líne. I ndiaidh an tseolta, beidh ceolchoirm 30 bomaite ar líne le Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh. Déan cinnte go mbuailfidh tú isteach le sult a bhaint as an tseoladh agus as an cheolchoirm iontach atá beartaithe againn daoibh.

 

Agus é ag caint faoin éagsúlacht imeachtaí atá beartaithe, dúirt Seán Ó Daimhín, Oifigeach Seirbhísí Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall: “I measc an réimse leathan imeachtaí a bheas ar siúl ar líne beidh ceolchoirmeacha, ciorcail chomhrá, ranganna, Lá Idirnáisiúnta na mBan, seisiúin léigh agus pléigh, scéalaíocht, taispeántas cócaireachta ar líne, comórtais ghrianghrafadóireachta, caint phoiblí ar shaol agus ar shaothar Cholm Cille le ceiliúradh a dhéanamh ar 1500 bliain ó rugadh é, comórtas amhránaíochta do pháistí, spraoi teaghlaigh, comórtais ealaíne, seisiúin ióga do pháistí, léamh filíochta, malartú teangacha le pobail úra, agus leabhar mhí an Mhárta ag Club Leabhar an Iarthuaiscirt. Agus chan amháin sin, ach tá tuilleadh imeachtaí ag teacht chun tosaigh i rith an ama”.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO