Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Seachtain na hOidhreachta

06/07/21 Glac páirt i dTionscadal de chuid ‘Seachtain na hOidhreachta’

 

Is í an teachtaireacht ‘Glac chugat féin an oidhreacht’ atá a mhaíomh ag an Chomhairle Oidhreachta agus ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil agus pleananna do Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta á scaoileadh acu. Beidh Seachtain na hOidhreachta ar siúl i mbliana ón Satharn, 14 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh, 22 Lúnasa. Tá cuireadh á thabhairt acu do dhaoine, d’eagraíochtaí oidhreachta agus do ghrúpaí pobail clárú agus tabhairt faoi thionscadail a bhaineann leis an oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha a thiocfaidh chun críche le linn Sheachtain na hOidhreachta.

 

Is féidir tionscadail a chlárú anois ar líne ar shuíomh Gréasáin Sheachtain na hOidhreachta (www.heritageweek.ie) agus cuirfear gach tionscadal a chlárófar do Sheachtain na hOidhreachta san áireamh do Ghradaim Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta.

 

‘Is é téama na bliana seo ná ‘Oidhreacht d’achan duine’ agus is é ár sprioc ná go mbainfidh an oiread daoine agus is féidir sult as an oidhreacht’ a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

 

‘Go háirithe, impítear ar lucht eagraithe na dtionscadal oidhreachta smaoineamh ar dhóigheanna ar féidir leo nascadh leo siúd a bhfuil suim léirithe acu i gcúrsaí oidhreachta don chéad uair ach nach raibh aon bhaint acu le Seachtain na hOidhreachta roimhe seo; grúpaí nó daoine aonair a mhothaigh nach cuid den oidhreacht áitiúil iad go traidisiúnta agus le díograiseoirí oidhreachta eile ar fad, beag beann ar aois.

 

Spreagtar daoine fosta chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe dár n-oidhreacht a bhféadfadh dearmad a bheith déanta orthu nó nach raibh an aird cheart orthu.

 

Beidh Seachtain na hOidhreachta difriúil arís i mbliana agus muid ag teacht chugainn féin ó phaindéim COVID-19. In ainneoin go mbeidh an chuid is mó de himeachtaí Sheachtain na hOidhreachta ar líne i mbliana, tá imeachtaí beaga beo á reáchtáil ag grúpaí ar leith atá ag teacht le srianta sláinte poiblí.

 

Tá trí sheimineár gréasáin ar líne ar fáil ar shuíomh Gréasáin Sheachtain na hOidhreachta chun cuidiú le daoine a eagraíonn tionscadail nó imeachtaí. I measc na seimineár gréasáin tá:

  • ‘Fáilte go Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2021’ a thugann eolas faoin chur chuige atá beartaithe i mbliana chomh maith le dátaí suntasacha;
  • ‘Taking Your Project On-line’ a léiríonn na bealaí inar féidir leat d’oidhreacht a roinnt go digiteach agus na buntáistí a bhaineann leis sin a dhéanamh; agus
  • ‘Communicating Your Project’ a chomhairlíonn an dóigh le tionscadal a roinnt go forleathan ar na meáin shóisialta agus leis na meáin áitiúla eile.


Cuideoidh acmhainní ar líne eile le daoine tabhairt faoi thaighde, tionscadail a chur i láthair, físeán agus fuaim a thaifeadadh, podchraoladh a dhéanamh, imeachtaí fíorúla a óstáil agus feachtais sna meáin shóisialta a reáchtáil.

 

Ghlac grúpaí oidhreachta áitiúla agus pobail i gContae Dhún na nGall páirt i Seachtain na hOidhreachta go fonnmhar anuraidh. Bhí 35 tionscadal ar siúl agus bhuaigh Cumann Staire Áitiúil Cheantair Ráth Maoláin agus Johnny Shiels as Gleann tSúilí dhá cheann de Ghradaim Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta.

 

‘Mar gheall ar na srianta, bhí am ag go leor againn ár n-oidhreacht áitiúil nó phearsanta a fhiosrú’ a dúirt an TD, Malcolm Noonan, an tAire Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin.

‘Seans gur deis thráthúil í Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta chun an méid a d’aimsigh tú a thaispeáint, nó chun tuilleadh tochailte a dhéanamh ionas gur féidir leat níos mó a fhoghlaim. Cibé gné den oidhreacht a roghnófar, guím gach rath ar gach duine a ghlacfaidh páirt agus tá mé ag súil go mór leis na torthaí deiridh a fheiceáil i mí Lúnasa’.


Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, Michael Parsons: ‘Mar thoradh ar an chur chuige ar líne anuraidh, bhí teacht ag lucht féachana nach beag ar na céadta imeachtaí oidhreachta a eagraíodh mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta.

 

I mbliana mar sin, impím ar lucht eagraithe tionscadal machnamh fiúntach a dhéanamh ar an dóigh ar féidir leo baill bhreise den phobal a mhealladh chun páirt a ghlacadh ina gcuid tionscadal agus gnéithe den oidhreacht a ndearnadh dearmad orthu a fhiosrú’.

 

Is féidir tionscadail oidhreachta a thaispeáint le linn Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta trí chainteanna ar líne, taispeántais, físeáin, podchraoltaí, cuir i láthair i bhfoirm taispeántas sleamhnán, blaganna, clúdach meán, láithreáin ghréasáin tiomnaithe, clúdach sna meáin shóisialta nó cruinnithe sóisialta beaga atá ag teacht le comhairle oifigiúil na sláinte poiblí.

 

Comhordaíonn an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta.

 

Tá sé mar aidhm ag Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta feasacht agus meas ar oidhreacht a fhorbairt agus ag an am chéanna, léargas a thabhairt ar an obair iontach atá á dhéanamh ag gach pobal in Éirinn chun ár n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn.

 

Tá Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta mar chuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh ina nglacann os cionn daichead tír páirt gach bliain.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar líne ag www.heritageweek.ie fán dóigh gur féidir leat páirt a ghlacadh i Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta trí r-phost a sheoladh chuig -[email protected] nó trí scairt ghutháin a chur ar an uimhir - (087) 368 3515.

 

Tá comhairle ar fáil fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall , Comhairle Contae Dhún na nGall ag an uimhir ghutháin - (074) 917 2576.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO