Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Seirbhís leabharlainne chun tí

5-2-21 Seirbhís leabharlainne chun tí

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar roinnt seachtainí eile den dianghlasáil, tá réiteach ag Seirbhís Leabharlann Dhún na nGall le cuidiú leat na tráthnónta fada dorcha sin a chur isteach.  Faoi shrianta Leibhéal 5, tá na leabharlanna druidte i láthair na huaire; ach tá an tSeirbhís Leabharlann i ndiaidh teacht aníos le réiteach do léitheoirí le go mbeidh teacht acu ar na leabhair is ansa leo.  Leanfar den tSeirbhís Seachadta Tí, a seoladh i mí na Samhna 2020, sna míonna beaga atá amach romhainn agus beidh sí ar fáil saor in aisce d’achan duine. Ní gá gur ball reatha den leabharlann thú leis an tseirbhís seo a úsáid. Is féidir clárú don bhallraíocht ar líne ag https://www.librariesireland.ie/join-your-library

 

Seo thíos sonraí ar an dóigh a dtig teacht ar an tseirbhís:

 

Céim 1 – Déan teagmháil le Líne Freagartha Pobail Covid 19 ar 1800 928 982 nó cuir rphost chuig [email protected] Bíodh an t-éirchód réidh agat.

 

Céim 2 – Cuir in iúl d’fhoireann na Leabharlainne an cineál Leabhar nó DVDanna is fearr leat.

 

Céim 3 – Úsáidfidh foireann na Leabharlainne an roghnachas a léirigh tú mar aon lena dtaithí féin le rudaí a roghnú duit.

 

Céim 4 – Déantar na leabhair s’agat a phacáistiú agus a sheachadadh chuig doras do thí. Cloífear le bearta dochta sláinte agus sábháilteachta ar feadh phróiseas roghnaithe, pacáistithe agus seachadta na leabhar chugat.

 

Céim 5 –  Suigh siar agus bain sult as na leabhair s’agat.

 

Tá réimse leathan de leabhair, closleabhair, cló mór, DVDanna agus dlúthdhioscaí ceoil ag an tSeirbhís Leabharlann sa bhailiúchán s’acu. Tá lear taithí ag foireann na leabharlann agus aimseoidh siad rud éigin le gach aon duine a shásamh!

 

Is ar iasacht fhadtréimhseach a ligtear gach rud amach agus ní ghearrfar aon táillí thar téarmaí, mar sin de, ní gá a bheith buartha faoina gcur ar ais. Nuair a bheas sé sábháilte lena dhéanamh, déanfaidh foireann na leabharlann teagmháil le daoine lena chur in iúl dóibh cén dóigh a dtig rudaí a chur ar ais.

 

Barúlacha ó chliaint reatha faoi dtaobh den tseirbhís:

 

“Is seirbhís iontach agus éifeachtúil í agus ba cheart achan duine a bheith ar an eolas faoi dtaobh de. Ní thig liom fanacht leis na leabhair nua s’agam a léamh.”

 

“Chuidigh sí liom éalú ó bhrúnna an tsaoil le linn na n-amanna míshuaimhneacha seo. Go raibh maith agaibh.”

 

Tá Seirbhís Leabharlann Dhún na nGall i ndiaidh cur fosta leis an réimse shuntasach d’áiseanna saor in aisce ar líne atá acu, a dtig teacht orthu ag www.donegallibrary.ie Tá réimse cuimsitheach de sheirbhísí ar líne ar fáil againn lena n-áirítear: imeachtaí, cúrsaí, nuachtáin, ríomh-irisí, ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair agus uirlisí foghlama de pháistí agus do dhaoine fásta.

 

Más amhlaidh go mbainfeá féin nó duine de do lucht aitheantais leas as an tseirbhís seo, cuir an t-eolas seo ar a s(h)úile dó nó di nó déan teagmháil leis an líne Freagartha Pobail ar 1800 928 982 nó cuir ríomhphost chuig [email protected]

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO