Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Sraith Léachtaí Digiteacha

16-06-21 Sraith Léachtaí Digiteacha - Deich mBliana na gCuimhneachán

 

Is mór an pléisiúr do Chomhairle Contae Dhún na nGall a gcéad sraith léachtaí digiteacha a fhógairt arb é Deich mBliana na gCuimhneachán a dtéama. Beidh an tsraith léachtaí, a bheidh ar siúl ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair, saor in aisce do gach duine a chláraíonn ar Eventbrite nó a dhéanann teagmháil leis an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn.

 

Tá tacaíocht faighte ag Rannóg an Chultúir do Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, Comhairle Contae Dhún na nGall, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin tionscnamh Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

 

Ag labhairt di faoin tsraith léachtaí, dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin:

 

‘Ó bhí 2012 ann, tá clár cuimsitheach imeachtaí a chuimsíonn stair na hÉireann idir 1912 agus 1923 curtha ar fáil ag Rannóg an Chultúir, Comhairle Contae Dhún na nGall, chun Deich mBliana na gCuimhneachán a chomóradh. Mar gheall ar an phaindéim, bhí orainn smaoineamh ar bhealaí eile chun cláir den chineál seo a chur ar fáil. Tá lúcháir orainn an tsraith léachtaí seo a chur ar fáil; sraith ina dtabharfaidh staraithe a bhfuil an-mheas orthu léachtaí doimhne tarraingteacha a bheidh ar fáil saor in aisce ar líne. Sa chlár seo, tugtar deis dúinn díriú ar ghnáth-thaithí gnáthdhaoine agus iad ag maireachtáil le linn tréimhse neamhghnách agus cuimsítear ann na traidisiúin éagsúla chultúrtha, pholaitiúla agus reiligiúnacha ar fud oileán na hÉireann.’

 

Is iad seo a leanas na topaicí, na léachtaí agus na dátaí eisiúna:

 

 

Déardaoin, 24 Meitheamh ag 7.00pm

Liz Gillis (údar agus staraí) ‘Children during the War of Independence’ ('Páistí le linn Chogadh na Saoirse’)

  

Déardaoin, 15 Iúil ag 7.00pm

Myles Dungan, láithreoir an tseó staire What did you do in the War of Independence, Grandad? ar RTÉ

 

Déardaoin, 9 Meán Fómhair ag 7.00pm

Sinead McCoole (údar agus staraí) ‘How to Research and Write an Irish Family History’ ('Conas Taighde a Dhéanamh agus Scríobh ar Stair Muintire Éireannaí)

 

Tá ticéid do na trí imeacht seo saor in aisce agus ní mór iad a chur in áirithe trí Eventbrite thart ar dheich lá roimh an imeacht. Déan teagmháil leis an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, le tuilleadh eolais a fháil.

 

 

Déardaoin, 22 Iúil ag 7.00pm

Kieran Kelly (údar agus staraí áitiúil) ‘From Nationalism to Republicanism - Letterkenny in the Decade of Change’ ('Ó Náisiúnachas go Poblachtachas - Leitir Ceanainn le linn Dheich mBliana an Athraithe')

 

Déardaoin, 29 Iúil ag 7.00pm

An tOllamh Edward Burke (Ollamh cúnta le Caidreamh Idirnáisiúnta, Stiúrthóir ar Choimhlint, Slándáil agus Sceimhlitheoireacht, Dámh na nEolaíochtaí Sóisialta ag Ollscoil Nottingham) 'Closing the Gates: Loyalist Paramilitaries and Resistance in County Donegal, 1920-1923' ('Ag Dúnadh na nGeataí: Paraimíleataigh Dhílseacha agus Frithbheartaíocht i gContae Dhún na nGall, 1920-1923')

 

Déardaoin, 16 Meán Fómhair ag 7.00pm

Helen Meehan (údar agus staraí áitiúil) 'The History and legacy of Cumann na mBan in Donegal' ('Stair agus Oidhreacht Chumann na mBan i nDún na nGall')

 

Déardaoin, 23 Meán Fómhair ag 7.00pm

An Dr Niamh Hamill (údar agus staraí) 'Broken Promises – Nationalism, Gender and the New Republic’ ('Gealltanais a Briseadh - Náisiúnachas, Inscne agus an Phoblacht Nua')

 

Déardaoin, 30 Meán Fómhair ag 7.00pm

Seosamh O Ceallaigh (údar agus staraí áitiúil) ‘The War of Independence in Cloughaneely’ ('Cogadh na Saoirse i gCloich Chionnaola')

 

 

Tá na léachtaí seo saor in aisce agus is féidir amharc orthu ar líne ar na dátaí a luaitear ar chainéal YouTube Chomhairle Contae Dhún na nGall. Déan teagmháil leis an Lárleabharlann chun an nasc a fháil, le do thoil.

 

Is féidir teacht ar an eolas agus an sceideal do gach imeacht ar shuíomh gréasáin ár leabharlainne, www.donegallibrary.ie (féilire ‘Imeachtaí’) agus féadfaidh tú Leabharlann Chontae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook agus ar Twitter. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Dheich mBliana na gCuimhneachán, cuir glao ar an Lárleabharlann ar 074 91 24950.

  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí leabharlainne, tabhair cuairt ar

http://www.donegallibrary.ie/whatson/

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO