Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Straitéis Chianoibre don Ghnó seolta ag an Chomhai

24-06-21 Seolann Comhairle Contae Dhún na nGall an chéad Straitéis Chianoibre le haghaidh Gnó

Remote Working Strategy 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall an chéad údarás áitiúil in Éirinn le Straitéis Chianoibre le haghaidh Gnó a sheoladh, rud a fheicfidh an contae ag baint na mbuntáistí is fearr agus is féidir as an mhéadú ar an chianobair i nDún na nGall.

 

Agus í ag seoladh na straitéise, míníonn an Clr. Rena Donaghey: ‘Cé gur chruthaigh Covid 19 go leor dúshlán dúinn uilig, chruthaigh sé deis fosta chun triail a bhaint as coincheap na cianoibre agus le bliain anuas tá cruthaithe gur réiteach éifeachtach í sin chan amháin a thugann cosaint do dhaoine le linn paindéime ach a thugann rogha úr do dhaoine atá ag cuartú cothromaíochta idir an saol oibre agus an saol pearsanta agus deis chun athlonnú in áiteanna ar nós Dhún na nGall’.

 

Tá an straitéis seo curtha le chéile ag Rannán Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle, agus ní hamháin gur cuspóir léi Dún na nGall a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar áit iontach le haghaidh na cianoibre ach cuireann sí creatlach úr i láthair a dhéanfaidh gníomhaíochtaí amach anseo a chur in oiriúint chun tacú leis na deiseanna úra seo.

 

Dúirt John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: ‘tá an straitéis seo ag teacht leis na cláracha éagsúla gníomhaíochta atá faoi cheannas na Comhairle san am i láthair, a bhfuil ina measc tionscnaimh ar nós Dún na nGall Digiteach, an clár uaillmhianach le haghaidh athnuachan bailte agus sráidbhailte, cuidiú leis an Chlár Leathanbhanda Náisiúnta (CLN) a leathú amach, réimse spásanna oibre comhroinnte agus gníomhaíochtaí eacnamaíochta eile a fhorbairt, chomh maith le tionscadail mhóra bonneagair amhail forbairt a dhéanamh ar an ghréasán bóithre, soláthar uisce agus fuíolluisce, forbairt agus rialú pleanála, soláthar tithe, gníomhaíocht eacnamaíochta agus áiseanna fóillíochta lasmuigh a sholáthar’.

 

Agus dúirt sé leis: ‘de reir mar a leanann muid ar aghaidh lenár bpobail agus ár ngeilleagar a oscailt arís, tá cuma ar an scéal go mbeidh socruithe solúbtha oibre, an chianobair san áireamh, lárnach mar riachtanas ní hamháin d’fhostaithe ach d’fhostóirí fosta, agus cuireann sé seo deiseanna ar fáil d’áiteanna cosúil le Dún na nGall. Agus caighdeán iontach saoil againn anseo, chomh maith le costas íseal maireachtála, spásanna oscailte, nascacht den scoth, fórsa oibre ardoilte agus réimse de mhoil oibre dhigiteacha, tá Dún na nGall in áit mhaith le buntáistí a bhaint as an chianobair i saol atá ag tiontú níos mó i dtreo modhanna digiteacha’.

 

Remote Working Strategy Rena & John

An Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag seoladh na Straitéise Cianoibre le haghaidh Gnó ag ionad úrchóirithe Gteic i nGaoth Dobhair.

 

Agus an straitéis seo á forbairt, chuaigh an Chomhairle i mbun plé le réimse leathan páirtithe leasmhara agus bhí ionchur suntasach ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí éagsúla a chuidigh le bonn eolais a chur faoi scóip, threoir agus chuspóir na straitéise. Cuidíonn an straitéis lena bhfuil le tairiscint ag Dún na nGall a neartú i dtaca le caighdeán saoil, geilleagar ag fás, nascacht dhigiteach, gréasán de mhoil agus de spásanna oibre comhroinnte agus tallann ar fáil. Tá cúig cholún nó chuspóir straitéiseacha ann, ag díriú ar Spás Oibre, Cur chun Cinn, Tacaíocht, Tallann, chomh maith le Bonneagar agus Nascacht, agus leagtar amach ann na gealltanais atá tugtha le gach ceann de na colúin seo a chur i bhfeidhm.

 

Beidh an comhoibriú ina bhunchloch chun na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis seo a bhaint amach agus creideann an Clr. Donaghey nach féidir an straitéis seo a chur i gcrích gan rannpháirtíocht shuntasach agus dhearfach le réimse leathan páirtithe leasmhara. Dúirt sí: ‘Leagann an straitéis seo amach réimse de thionscnaimh spriocdhírithe arb aidhm leo Dún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe den chéad scoth, ar oileán na hÉireann, le haghaidh oibrithe cianda agus gnólachtaí cianda. Is léiriú maith é an straitéis seo ar an mhian chomhroinnte atá againn chun an méid seo a leanas a bhaint amach i nDún na nGall: an tírdhreach eacnamaíochta a athrú ó bhonn, tacú le pobail inbhuanaithe a fhorbairt, an nuálaíocht a chur chun tairbhe, agus an fhís atá againn a chur i bhfeidhm do Dhún na nGall mar áit mhaith le cónaí ann, le hobair ann, le cuairt a thabhairt air, agus le gnó a dhéanamh ann, in Éirinn’.

 

Remote Working Strategy Launch

Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Elaine Whoriskey, Oifigeach Cúnta um Fhorbairt Eacnamaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Mícheál Ó Duibhir, Bainisteoir GTeic, Údarás na Gaeltachta, John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall, agus An Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall ag seoladh na Straitéise Cianoibre le haghaidh Gnó ag ionad úrchóirithe GTeic i nGaoth Dobhair.

 

Is féidir féachaint ar Straitéis Chianoibre Dhún na nGall le haghaidh Gnó

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO