Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Taispeántas Cócaireachta Samhraidh - Dramhaíl Bhia

16-06-21 Taispeántas Cócaireachta Samhraidh le Catherine Fulvio lán de noda chun Dramhaíl Bhia a laghdú le linn Fulachtaí agus Béilí lasmuigh

 

Beidh Catherine Fulvio i mbun Taispeántas Cócaireachta Samhraidh atá á urrú ag roinnt údaráis áitiúla lena thaispeáint duit an dóigh le sult a bhaint as Fulachtaí (BBQanna) gan dramhaíl bhia le linn an tsamhraidh seo. Ní cur amú bia amháin atá ann nuair a dhéantar barraíocht le hithe, ach cur amú ama agus airgid fosta. Is minic a chuirtear cuid mhór bia amú de bharr fulachtaí. Agus níos mó daoine ag roghnú fulachtaí agus béilí lasmuigh an samhradh seo, taispeánann Catherine an dóigh ar féidir leat, trí rud beag ullmúcháin agus pleanála, fulachtaí den chéad scoth a chócaráil do do chuairteoirí ach san am céanna níos lú bia a chur amú agus cuid den bhrú a bhaint díot féin mar fhear nó bean an tí.

 

Thig méadú mór a bheith ar dhramhaíl bhia sa tsamhradh, de réir mar a thagann ardú ar an teocht bíonn sé níos deacra an bia a choinneáil ó bheith ag imeacht ó mhaith, go háirithe nuair a thig le fulacht leanúint ar aghaidh ar feadh an tráthnóna uilig agus isteach san oíche. Rud amháin ar minic nach smaoinítear air ná go gcailltear nó gcuirtear amú an tríú cuid den bhia uilig a tháirgtear agus gur uaidh sin a thagann idir 8 agus 10 faoin gcéad d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain. Cruthaíonn teaghlaigh na hÉireann os cionn 250,000 tonna de dhramhaíl bhia gach bliain, ar chostas €700 an teaghlach.

 

Deir Suzanne Boga, Oifigeach Feasachta Dramhaíola, Comhairle Contae Dhún na nGall: “Is fiú a smaoineamh go mbíonn tionchar suntasach ag dramhaíl bhia ar an athrú aeráide. Tá fuinneamh agus acmhainní de dhíth le bia a fhás, a phróiseáil, a phacáistiú agus a iompar, agus ansin nuair a chaitheann muid bia amach bíonn sé ag lobhadh agus scaoileann sé tuilleadh gásanna ceaptha teasa isteach san atmaisféar. Mar sin de, tá lúcháir orainn go bhfuil an cócaire clúiteach Catherine Fulvio páirteach san fheachtas seo, chun noda agus comhairle a thabhairt faoin dóigh le sult a bhaint as Fulachtaí an tSamhraidh, chomh maith le heolas maith ar bhainistiú bia chun dramhaíl bhia a laghdú, airgead a shábháil agus cuidiú leis an phlainéad.”

 

Tá lúcháir ar Catherine Fulvio a bheith páirteach san fheachtas seo mar gur rud atá gar dá croí féin é laghdú ar dhramhaíl bhia. “Sa chomhoibriú seo, tá lúcháir orm a bheith ag obair i gcomhpháirt le ceithre cinn déag d’údaráis áitiúla san iomlán chun taispeántas cócaireachta a reáchtáil, ag comhroinnt oidis fhurasta bhlasta agus ag tabhairt eolais faoin dóigh leis an leas is mó agus is féidir a bhaint as do bhia nuair a bhíonn tú fulachtaí agus béilí lasmuigh ar siúl agat an samhradh seo agus le dramhaíl bhia a laghdú.’

 

‘Is é an riail is tábhachtaí atá agam féin nuair a bhítear ag reáchtáil Fulachtaí nó béilí lasmuigh sa tsamhradh ná a smaointiú ar an líon daoine a bheas agam don bhia agus an biachlár a phleanáil lena chinntiú go bhfuil díreach mo sháith bia agam le mo chuairteoirí a shásamh. Le go mbeidh eispéireas den scoth ag mo chuairteoirí, déanaim cinnte go mbaineann siad sult as an bhia agus é i mbarr a mhaitheasa; úr ón chuisneoir agus te ón Fhulacht!’

 

Beidh neart leideanna, smaointe agus moltaí oidis ag Catherine le comhroinnt linn ina Taispeántas Cócaireachta a bheas á chraoladh Déardaoin 17 Meitheamh ar 8pm (i mBéarla) ar leathanach Facebook d’Údaráis Áitiúil agus ar leathanach an StopFoodWaste.


Chun bheith páirteach san ócáid, cliceáil thíos agus cuir do spéis in iúl;

 

https://www.facebook.com/events/536042867409465

 

 

Tá an feachtas seo á urrú ag:
Comhairle Contae Cheatharlach
Comhairle Contae Chorcaí
Comhairle Contae Dhún na nGall
Comhairle Contae Chathair Bhaile Átha Cliath
Dún Laghaoire – Ráth an Dúin
Comhairle Contae Fhine Gall
Comhairle Contae Chill Dara
Comhairle Contae Chill Chainnigh
Comhairle Contae Laoise
Comhairle Contae Longfoirt
Comhairle Contae Ros Comáin
Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Comhairle Contae na hIarmhí
Comhairle Contae Chill Mhantáin

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO