Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Tinte cnámh dochrach don chomhshaol is sláinte

Tinte cnámh iontach dochrach don chomhshaol agus don tsláinte

  

 

Bíonn spraoi againn don tSamhain, go háirithe ag páistí agus daoine óga, agus cé gur mhaith linn go mbeadh am ar dóigh ag achan duine, tá orainn a chur i gcuimhne do dhaoine ag an am seo den bhliain go dtig le tinte cnámh dochar mór a dhéanamh don chomhshaol agus do shláinte daoine fosta.

Tá laghdú suntasach ar líon na dtinte cnámh blianta beaga anuas de réir mar a aithníonn an pobal an tábhacht atá le dramhaíl a bhainistiú go
Tá laghdú suntasach ar líon na dtinte cnámh le blianta beaga anuas de réir mar a aithníonn an pobal an tábhacht atá le bainistiú dramhaíola ar dhóigh fhreagrach agus de réir mar a úsáideann siad an réimse leathan seirbhísí dramhaíola agus athchúrsála atá ar fáil.

Agus Oíche Shamhna ag teannadh linn, iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall ar shealbhóirí tí, ar ghnólachtaí agus ar an phobal gan ábhar a chur ar fáil fá choinne tinte. Deir Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola leis an Chomhairle: ‘cé go n-úsáidtí adhmad agus féar go traidisiúnta ar thinte cnámh, ar na saolta seo is ábhair amhail boinn, tochtanna, troscán, plaistigh, aerasóil, cúr, miotal, adhmad péinteáilte, adhmad cóireáilte, dramhaíl tí etc a dhóitear ar thinte cnámh. Tá an cineál seo gnímh i gcoinne an dlí. Is coir é chomh maith ábhair dhramhaíola a sholáthar do dhaoine atá ag bailiú fá choinne tinte cnámh. Nuair a dhóitear na cineálacha seo dramhaíola gan smacht, déantar dochar dár sláinte agus don chomhshaol mar go gcruthaítear dé-oscaiginí dochracha agus scaoiltear amach san aer a úsáidimid le hanálú iad.’

Lena chois sin, is minic a thógtar tinte cnámh cóngarach do thithe agus do shealúchais eile agus is féidir leo dochar mór a dhéanamh, agus daoine a ghortú, go háirithe nuair a bhíonn ábhar iontach ard-indóite á dhó iontu. Tá físeán gairid curtha le chéile ag Rannóg Comhshaoil na Comhairle ar cheisteanna a bhaineann le tinte cnámh anseo agus thig leat amharc ar teachtaireacht físe de chuid Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, Coinnigh Slán le linn na Samhna, ar leathanaigh meán sóisialta na Comhairle Coinnigh Slán le linn na Samhna.

Agus dúirt sí fosta: ‘Le roinnt blianta anuas, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag monatóireacht líon na n-áiteanna ina dtugtar ábhar dramhaíola le haghaidh tinte cnámh.’

Chun sláinte daoine agus an comhshaol a chosaint, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach gnólacht agus gach comhlacht tráchtála a bhíonn, nó a bhí, ag plé le boinn nó seanbhoinn a dhíol, a sholáthar, a bhailiú nó a chóireáil, mar shampla; miondíoltóirí bonn, soláthróirí, lucht díolta carranna, fearas ar cíos, clóis chonamair agus bailitheoirí/áiseanna dramhaíola etc; a chinntiú go bhfuil na boinn ar fad, nó sean-bhoinn, curtha in áit shábháilte agus á mbainistiú mar is cuí le nach dtitfidh siad isteach i lámha daoine atá ag tógáil tinte cnámh, bíodh sin d'aonghnó nó de thaisme.

Déan teagmháil leis na Seirbhísí Éigeandála trí scairt a chur ar 999 nó 112 má tchíonn tú tine chnámh á lasadh cóngarach d'fhoirgnimh, crainn, cábla lastuas, seirbhísí faoin talamh nó carrchlósanna.

Fá choinne tuilleadh eolais ar sheirbhísí údaraithe dramhaíola gabh chuig www.mywaste.ie .

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO