An Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach ag déanamh réidh leis an fhód a thiontú do Thionscadal Bóthair Ceithre Lána an N56 i Leitir Ceanainn.
Dé hAoine 18 Meitheamh, rinne an Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach, i láthair, an fód a thiontú do Thionscadal Bóthair Ceithre Lána an N56.
Is é bóthar Ceithre Lána an N56 an príomhbhóthar rochtana, agus an t-aon bhóthar débhealaigh atá ar fáil, ón ghréasán cuimsitheach náisiúnta bóithre Ten-T a nascann Baile Tairsigh Leitir Ceanainn le Doire, Baile Átha Cliath agus Conair an Atlantaigh.
Cuirfidh an scéim seo go mór leis an rochtain go Leitir Ceanainn agus go dtí iarthuaisceart an chontae. Cuirfidh an scéim le sábháilteacht, le feidhmíocht agus le cáilíocht ar na dóigheanna seo a leanas;
Fuair an tionscadal seo tacaíocht i rith a thréimhse forbartha ó Bhonneagar Iompair Éireann agus tá maoiniú iomlán ag teacht uathusan. Tá an costas tógála os cionn €6m, agus tá breis agus 30% de sin fá choinne Taisteal Gníomhach agus áiseanna le haghaidh athrú i gcórais iompair.
An Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag tiontú an fhóid do Thionscadal Bóthair Ceithre Lána an N56 i Leitir Ceanainn
Ag an ócáid tiontú fóid, dúirt an Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall:
“Is bealach fíorthábhachtach ar fad é bóthar Ceithre Lána an N56, agus is é an príomhbhealach rochtana isteach is amach ó Leitir Ceanainn. Tá an bóthar seo ar an bhóthar is mó trácht sa réigiún, ar a mbíonn suas le 35,000 feithicil sa lá. Tá a fhios agam go mbeidh laethanta deacra romhainn le linn na tógála ar an bhóthar ghnoitheach se, ach ag an deireadh, beidh píosa bonneagair eile d’ardchaighdeán againn, agus guím gach rath ar fhoireann an tionscadail le linn na hoibre’.
Agus é ag caint ag an ócáid tiontú fóid fosta, dúirt an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach:
‘Is infheistíocht iontach é seo a rachaidh go mór chun sochair an bhóthair é féin agus nithe eile trí seasmhacht níos fearr, agus cosaint níos fearr, a thabhairt don bhealach thábhachtach seo, agus rochtaineacht níos fearr go dtí Leitir Ceanainn agus go hiarthuaisceart an Chontae’.
Tá an conradh bronnta ar Fox Building agus Engineering Teoranta, agus tá Barry Transportation ceaptha leis an chonradh a bhainistiú ar an suíomh do Chomhairle Contae Dhún na nGall. Táthar ag meas go nglacfaidh sé thart ar 15 mhí leis an tionscadal a chur i gcrích.