Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Todhchaí Bhéal Átha Seanaidh

25-01-2021 Léirigh do bharúil féin i dtaca le Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Athnuachana Lár Bhéal Átha Seanaidh

Tá áthas ar Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le GM Design Associates, seoladh ‘TODHCHAÍ Bhéal Átha Seanaidh’ a fhógairt, tionscadail físithe a éascóidh Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Athnuachana do Lár Bhéal Átha Seanaidh.

 

Cuirfear tús leis an tionscadal le tréimhse de Chomhairliúchán Poiblí d’fhonn bonn eolais a chruthú le go dtig Dréacht-Straitéis agus Plean Gníomhaíochta a ullmhú. Osclófar an tréimhse chomhairliúcháin inniu, i gcomhthráth le seoladh shuíomh gréasáin an tionscadail, www.futureballyshannon.com, críochnóidh sí Dé Luain, an 15ú Feabhra 2021 ar 4pm.

 

Choimisiúnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta Athnuachana i mí na Samhna, 2020, le creat fianaise-bhunaithe a chur ar fáil ina leagfaí amach uaillmhianta agus tosaíochtaí athnuachana todhchaí don bhaile. Is cleachtas Ailtireachta, Tírdhreachaithe agus Pleanála iad GM Design atá ag cuidiú leis an Chomhairle leis an tionscadal seo agus a bheas ag comhoibriú leis an phobal áitiúil agus le croí-pháirtithe leasmhara le hathbheochan agus athnuachan bhríoch fhadmharthanach i lár Bhéal Átha Seanaidh a réadú.

 

Leis an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta Athnuachana, bunófar treochlár d’fhonn lár an bhaile a athrú chun feabhais; d’fhonn a athshamhlaithe agus d’fhonn áit faoi leith a dhéanamh de; rud a éascóidh dó lántairbhe a bhaint as a acmhainneacht uathúil féin, lena n-áirítear an timpeallacht fhisiceach ardchaighdeáin agus an oidhreacht chultúrtha agus stairiúil den scoth atá aige, mar aon lena shuíomh cois cósta agus cois abhann. Beidh an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta dírithe ar an athnuachan d’fhonn acmhainneacht agus iomaíochas lár an bhaile a neartú agus d’fhonn a chreatlach uirbeach a athrú ó bhonn trí athbheochan fhisiceach agus feabhsuithe timpeallachta. Déanfar réimse de ghníomhartha, idirghabhálacha agus tionscadail inchreidte inréadaithe a shainaithint agus a fhorbairt a fhad le céim deartha coincheapa agus déanfar iad a ailíniú le sruthanna maoinithe ábhartha le tacú lena mbaint amach.

 

Chuir Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, an Comhairleoir Michael Naughton, béim ar an tábhacht atá le tionscnamh Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh, nó ar seisean: “Is ionann an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta Athnuachana agus deis shuntasach faoi choinne cur chuige fíor-chomhoibritheach idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus muintir Bhéal Átha Seanaidh i dtreo athnuachan a sholáthrós athrú ó bhonn. Beidh sé ag brath ar rannpháirtíocht na gcroí-pháirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear cónaitheoirí agus cuairteoirí, eagrais phobail, grúpaí leasmhara áitiúla agus ionadaithe gnó, lena chinntiú go bpléifear le riachtanais an phobail áitiúil.”

 

Ag labhairt dó ar Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh, arsa Liam Ward, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall: “Tá roinnt sócmhainní uathúla ag Béal Átha Seanaidh atá thar a bheith luachmhar, mar atá, an oidhreacht ailtireachta agus seandálaíochta ar leith atá aige, a shuíomh cois cósta, agus abhainn na hÉirne a bheith ag rith tríd.  Cuideoidh agus tacóidh an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta Athnuachana leis an phobal áitiúil leis na sócmhainní sin a athbheochan agus a athnuachan ar dhóigh inbhuanaithe agus cuirfidh go mór le tábhacht speisialta an bhaile agus an tsuímh s’aige sa téarma níos faide.”

 

D’iarr Ruth Diver, Pleanálaí Feidhmiúcháin leis an Fhoireann Athnuachana agus Forbartha, agus Ceannasaí an Tionscadail, ar an phobal machnamh a dhéanamh ar “an áit s’acu féin” agus an méid a thaitníonn agus nach dtaitníonn leo mar aon lena gcuid uaillmhianta i dtaca le todhchaí Bhéal Átha Seanaidh a roinnt. Arsa Ms. Diver “Tá luach as cuimse ag baint le rannpháirtíocht áitiúil sa phróiseas agus cinnteoidh sí seo go dtig an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta Athnuachana a chur i bhfóirstean de réir mar is cuí do riachtanais shainiúla an phobail agus an gheilleagair áitiúil”.

 

Mar sin, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn agus do bharúil féin a léiriú. Tig leat seo a dhéanamh trí:

 

nó tríd an leathanach Twitter s’againn a leanúint @BallyshannonRe1 - https://twitter.com/BallyshannonRe1

 

  • Freastal ar an imeacht comhairliúcháin ar líne s’againn Dé Céadaoin, an 3ú Feabhra 2021 @ 3.30pm. Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn le cuireadh a iarraidh.
    • Rphost:  [email protected]
    • Fón: +44 (028) 7035 6138
    • Scríobh chuig: GM Design Associates, 22 Bóthar an Lóiste, Cúil Raithin, Co. Dhoire, BT52 1NB

 

              

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO