Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Togra YOURS tagtha chun deiridh

22-06-21 TOGRA IDIRGHLÚINE “YOURS” – AN ÓCÁID DHEIREANACH AGUS SEOLADH AN LEABHAIR ‘BACK TO THE FUTURE’.

Yours Intergenerational Book Launch

 

Reáchtáladh an ócáid dheireanach de chuid an Togra ‘YOURS’.... AN ÓIGE AGUS AN SEAN – COMHTHUISCINT, CUIMHNEAMH AGUS COMHROINNT agus seoladh an leabhar faoi stair chomhroinnte ‘Back to the Future’, ar Zoom Dé Céadaoin 16 Meitheamh, 2021, ócáid ag a raibh an ceoltóir agus láithreoir DAVID JAMES i láthair mar aoi speisialta.

 

Chuir Sharleen Tinney, Comhordaitheoir Tionscadail fáilte roimh gach duine agus dúirt: ‘Thosaigh an Tionscadal i mí Mheithimh 2019 agus bhí an caidreamh idir an dá ghlúin go hiontach ar fad agus chuaigh sé chun tairbhe don dá dhream. Bhí gach duine a bhí páirteach ann díograiseach, dúthrachtach agus spreagúil. Rinneadh cairdis agus comhroinneadh scileanna. D’fhoghlaim an dá ghrúpa cuid mhór óna chéile, agus bhí rud éigin draíochtúil faoi na gníomhaíochtaí idirghlúine seo’.

 

Agus é ag caint ag an ócáid, dúirt an Clr. Paul Canning, Cathaoirleach ar Chomhpháirtíocht Síochána Dhún na nGall go raibh 6 ghníomhaíocht iontach rathúil, a raibh 200 duine páirteach iontu, ar siúl mar chuid de Thionscadal Idirghlúine YOURS ar fud an chontae.

 

  • Gníomhaíochtaí Ealaíon agus Cultúir – Damhsa Idirghlúine
  • Stair Chomhroinnte Áitiúil – ranganna ar líne ‘Back to the Future’
  • Ag druidim na bearna idir na glúnta – ‘Cuir ar aghaidh é’ – Clár gníomhach d’fhir in Inis Eoghain Theas
  • Folláine agus Aclaíocht – ‘An Spórt s’agamsa agus YOURS’
  • Ag dul i ngleic le Steiréitíopaí – ‘Siúil agus Smaoinigh’ Béal Átha Seanaidh agus Ráth Bhoth
  • Scileanna Pearsanta – Fadó agus Anois – ‘Lean ort ag Ceardaíocht’, mórcheantar na Finne

 

 

Dúirt an Clr. Canning gur tionscadal den chéad scoth é seo inar tháinig daoine óga agus daoine níos sine le chéile fá choinne cuid mhór gníomhaíochtaí. Chuir an dá ghlúin a scéal féin os comhair a chéile, agus thóg siad caidrimh iontach láidir agus dearfach, rud a chuidíonn le tuiscint agus meas níos fearr a chothú inár bpobail.

 

Dúirt sé fosta go raibh tionchar dearfach ag an Tionscadal ar gach duine a bhí páirteach ar na dóigheanna seo: trí fholláine na ndaoine níos sine a fheabhsú, an stiogma a bhaineann le seanaois agus an leithcheal i gcoinne daoine níos sine a laghdú, agus tacú le forbairt na hóige. Mar is mó a labhraíonn na glúnta lena chéile, mar is fearr is féidir leo a chéile a thuigbheáil ó thaobh imní agus dearcaidh de. Is féidir le ceangail idirghlúine difríocht mhór a dhéanamh, chan amháin i dtaca le chomh fada agus a mhairfidh muid beo, ach chomh fiúntach agus atá an saol s’againn. Nuair a bhíonn caidrimh idir seanóirí agus na glúnta níos óige, mothaímid ceangailte ar dhóigheanna éagsúla. Chan amháin go mothaíonn muid ceangal níos láidre lena chéile mar dhaoine, ach mothaíonn muid ceangailte le rud éigin níos mó, is é sin, leis an am atá thart agus leis an am atá le theacht. Mar sin de, téann an ceangal seo chun tairbhe agus chun sochair go mór do gach glúin.

 

Tá sé seo cruthaithe go cinnte ag an Togra YOURS.

 

Dúirt an Clr. Canning gur mór an chreidiúint an leabhar ‘Back to the Future’ do gach duine a bhí páirteach sa ghníomhaíocht maidir le Stair Áitiúil agus is iontach an rud é go bhfuil an leabhar seo fágtha mar oidhreacht ag an Tionscadal. Thug sé aitheantas don obair mhaith atá déanta ag an Rannóg Forbartha Pobail, na Rannpháirtithe, na hÉascaitheoirí, agus go háirithe ag Sharleen Tinney, Comhordaitheoir Tionscadail ar éirigh léi an tionscadal seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach in ainneoin an drochthionchair a bhí ag Covid ar an saol.

 

Cheol David James an t-amhrán ‘Sweet Caroline’ agus ghlac gach duine páirteach ann.

 

Craoladh físeán de bhuaicphointí ó na gníomhaíochtaí faoin Tionscadal ag an ócáid, le cuidiú ó Kathleen Bonner a bhfuiltear buíoch di. Ina dhiaidh sin, bhí plé oscailte agus labhair gach duine faoin eispéireas a bhí acu as bheith páirteach sa Tionscadal, agus bhíothas ag súil go bhféadfaí tuilleadh tionscadal den chineál seo a reáchtáil san am atá le theacht.

 

Dúirt Sharleen Tinney chan amháin go raibh an leabhar staire fágtha ina oidhreacht againn, ach go raibh na grúpaí ag leanstan leis na gníomhaíochtaí ar ghlac siad páirt iontu laistigh dá bpobal áitiúil féin. Luaigh an Clr. Canning an 7,000 paca gníomhaíochtaí a scaipeadh i gcomhpháirt le hAoisbhá Dhún na nGall laistigh den chontae le linn Covid 19. Dúirt sé go raibh daoine buíoch as na pacaí seo ag am iontach crua.

 

Ghabh Sharleen buíochas le gach duine a bhí páirteach, leis na héascaitheoirí, leis an Clr. Canning agus le David James go háirithe as siamsaíocht a sholáthar don ócáid ar an oíche. Chuir David clabhsúr leis an oíche trí amhrán a bhí eisithe aige a cheol.

 

Tá an tionscadal seo mar chuid de Phlean Gníomhaíochta PEACE 4 Dhún na nGall agus fuarthas maoiniú dó faoi Chlár PEACE 4 atá á bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE agus á chur i gcrích go háitiúil trí Chomhpháirtíocht PEACE 4 Dhún na nGall. Chuidigh an maoiniú a fuarthas chun tacú leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas trí thionchar dearfach a imirt ar sheasmhacht shóisialta agus eacnamúil, agus trí chomhtháthú sóisialta a chothú idir pobail.

 

 Yours Intergenerational

Tá tacaíocht ag an tionscadal seo ó Chlár Peace IV an AE, arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO