Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Tús maith le #CeannaighDúnnanGall

9 Samhain 2021 - Tús maith le #CeannaighDúnnanGall

Image of buydonegal campaign

 

Chinntigh níos mó ná 300 gnólacht rannpháirteach gur cuireadh tús iontach leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall agus tomhaltóirí i gcéin agus i gcóngar ag tacú le gnólachtaí Dhún na nGall thar an deireadh seachtaine. Ar na meáin shóisialta shroich an feachtas lucht féachana de níos mó ná 4 mhilliún agus lean trácht go leanúnach ar shuíomh gréasáin buydonegal.com ó níos mó ná 40 tír ar fud gach cearn den domhan.

 

Thug cuid de na daoine cáiliúla is mó cion orthu as Dún na nGall,  lena n-áirítear Packie Bonner, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Noel Cunningham, a dtacaíocht don fheachtas. Ar fud na n-ardán sóisialta go léir bhí an haischlib #CeannaighDúnnanGall le feiceáil go suntasach agus, in am atá dúshlánach do go leor gnólachtaí i nDún na nGall, cuireann an feachtas borradh mór faoi gheilleagar Dhún na nGall.

 

Spreagann #CeannaighDúnnanGall, arna fhorbairt ag Comhairle Contae Dhún na nGall, tomhaltóirí chun táirge nó seirbhís i nDún na nGall a cheannach agus teachtaireacht a chur ar na meáin shóisialta leis an haischlib #CeannaighDúnnanGall. Tá raon leathan gnólachtaí beaga agus móra ar fud an chontae, ó dhearthóirí agus déantóirí, táirgeoirí bia agus dí agus miondíoltóirí ag glacadh páirte ann leis an chuid is fearr de ghnó Dhún na nGall a thaispeáint. 

 

Ag labhairt dó faoin fheachtas dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Jack Murray, ‘’tá lúcháir orainn, ach níl iontas orainn, leis an ghlacadh fonnmhar atá le seoladh #CeannaighDúnnanGall. Thacaigh daoine leis an fheachtas agus thacaigh siad le gnólachtaí i nDún na nGall. Is mór an t-údar misnigh dúinn teachtaireacht agus freagairt chomh dearfach sin a fháil ó gach duine a bhí bainteach leis. Thacaigh go leor dár n-ambasadóirí iontacha i nDún na nGall leis an fheachtas freisin, rud a chuidigh go mór. ’’

 

Chuir Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall leis, ‘‘tá a fhios againn go bhfuil go leor dúshlán os comhair an phobail ghnó inár gcontae anois agus chuir an feachtas seo ardán ar fáil dóibh chun a gcuid tallann agus nuálaíochta a thaispeáint. Tá ról an-tábhachtach ag ár gcomhpháirtithe meán i nDún na nGall maidir le teachtaireacht #CeannaighDúnnanGall a scaipeadh agus gabhaimid buíochas leofasan fosta as a dtacaíocht. ‘’

 

Leanfaidh #CeannaighDúnnanGall leis suas go deireadh mhí na Nollag agus is féidir le muintir Dhún na nGall i gcéin agus i gcóngar leanúint den réimse iontach tairiscintí gnó atá ar fáil a fheiceáil trí chuairt a thabhairt ar buydonegal.com agus tacú leis an fheachtas trí phostáil ar na meáin shóisialta leis an haischlib #BuyDonegal nó i nGaeilge #CeannaighDúnnanGall.

 

#BuyDonegal will run right up until the end of December and the people of Donegal near and far can continue to see the wonderful range of business offerings available by visiting buydonegal.com and  support the campaign by posting on social media with the hashtag #BuyDonegal or as Gaeilge #CeannaighDúnnanGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO