Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Virtual Teic ag spreagadh tithe chun beochta

Virtual Teic ag spreagadh tithe chun beochta i nDún na nGall agus níos faide i gcéin!

 

Eamonn Gallagher Virtual Teic

Éamonn Ó Gallchóir, Bunaitheoir Virtual Teic

 

Virtual Teic ag spreagadh tithe chun beochta i nDún na nGall agus níos faide i gcéin!

 

Is gnólacht ceannródaíochta é Virtual Teic a phléann le bogearraí samhaltaithe fíorúla a thugann pleananna foirgníochta 2T chun beochta, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí blaiseadh a fháil den chuma a bheas ar fhoirgnimh úra nuair a úsáideann siad teicneolaíocht úrscothach an chomhlachta. Agus iad lonnaithe i nGaoth Dobhair, labhair muid le bunaitheoir an chomhlachta, Éamonn Ó Gallchóir agus leis an Cheannasaí Díolachán agus Deartha, Paul McMahon, le fáil amach faoin chomhlacht, faoina dtaithí ar ghnó a dhéanamh le linn na dianghlasála agus faoina gcuid pleananna i dtaca le fás agus forbairt amach anseo.

 

‘Fuair mé an smaoineamh faoi choinne Virtual Teic an chéad lá agus mé ag obair i Meiriceá,’ a mhínigh Éamon. As Machaire Rabhartaigh ó dhúchas dó, d’fhorbair sé an bhunteicneolaíocht deartha CAD don ghnólacht s’aige, International Framers, áit ar úsáid siad na bogearraí le cuidiú leo costais jabanna agus riachtanais stoic a mheas. “Cé gur chuidiú mór a bhí ann le cruinneas agus luas a fheabhsú, mhothaigh muid ag an am go raibh acmhainneacht níos mó ag baint leis nach raibh á réadú againn.” I ndiaidh 12 bhliain thar sáile, shocraigh Éamonn ar philleadh ar Dhún na nGall lena theaghlach, áit ar lean sé de bheith ag obair le International Framers, agus áit ar fhostaigh sé roinnt daoine i nGaoth Dobhair féin fosta le bheith ag obair le cliaint as na Stáit. 

 

Paul McMahon, Virtual Teic

Paul McMahon, Virtual Teic

 

Tá a thaithí féin ag Paul McMahon ar thimthriall an imirce agus aistear curtha isteach aige a bhfuil cleachtadh ag go leor air.  De bhunadh Dhún na nGall, rugadh agus tógadh Paul i nGlaschú. D’aistrigh sé i dtosach go Baile Átha Cliath le tabhairt faoi phost sa réimse saineolais s’aige, an dearadh grafach. Ansin, “le saol níos fearr a dhéanamh dá theaghlach,” bhog sé go Gaoth Dobhair ag tús na nóchaidí, áit ar bhain sé céim amach ó shin ó Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn sa Ríomhaireacht Fheidhmeach sular thosaigh sé a obair sa mheastóireacht praghsanna, mar ar casadh Éamonn air. Is ina dhiaidh sin a réadaíodh coincheap Virtual Teic.

 

Bunaíodh Virtual Teic in 2019 agus dhírigh siad ar dtús ar mhargadh na tithíochta cónaithe laistigh de Dhún na nGall. ‘Ghlac daoine go fonnmhar leis an teicneolaíocht agus léirigh daoine a lán spéise inti, i ndiaidh dúinn í a sheoladh an chéad uair i nGaoth Dobhair agus ansin imeachtaí eile a reáchtáil i Leitir Ceanainn agus in áiteanna eile i nDún na nGall. Is coincheap úrnua spreagúil go fóill é d’úinéirí tí, tú a bheith ábalta fearas cinn a chur ort féin agus do bhealach a dhéanamh thart ar do theach úr, suas an staighre agus isteach i ngach seomra. Is amhlaidh go ndearna go leor daoine athruithe ar na pleananna s’acu bunaithe ar na samhaltuithe 3T a d’fhorbair muid.”

 

Virtual Teic - Interior model and view outside

Do theach a spreagadh chun beochta le Virtual Teic - Samhaltú laistigh

agus spléachadh ar an taobh amuigh

 

 

Sular tháinig an phaindéim, bhí Virtual Teic lonnaithe i Mol Nuálaíochta G-Teic, áit ar bhain an gnólacht tairbhe as na deiseanna a fuair siad i dtaca le líonrú le gnólachtaí nuathionscanta eile.  “Timpeallacht iontach atá ann lán comhoibrithe agus dearfachta,” arsa Paul. “Bhí gnólachtaí eile ansin a bhí ábalta cuidiú linn ón tús leis na meáin shóisialta agus d’fhorbair muid gné eile den ghnó s’againn fosta agus muid ann, mar atá, teicneolaíocht na ndrón. Thacaigh Údarás na Gaeltachta go mór linn i dtaca leis na riachtanais oifige s’againn sa mhol nuálaíochta.”

 

Nuair a tháinig an phaindéim in 2020, áfach, tá an margadh tithíochta cónaithe i ndiaidh moilliú agus tá fócas Virtual Teic athraithe rud beag le spriocphobal níos leithne a chuimsiú. Ar liosta méadaitheach na gcliant s’acu, tá údaráis áitiúla amhail Comhairle Contae Dhún na nGall, forbróirí réadmhaoine agus ailtirí. “Tá roinnt tionscadal athnuachana curtha i gcrích againn agus cuidíonn na bogearraí s’againn fosta le Comhairlí léargas cruinn a fháil ar an chuma a bheas ar fhorbairt nua mar chuid den tírdhreach atá ann cheana, rud atá thar a bheith tairbheach ó thaobh na pleanála de,” a mhínigh Paul.  

 

Is gnéithe díolacháin ar leith iad an teicneolaíocht agus an t-eispéireas úsáideora do Virtual Teic agus cé gur choinnigh an phaindéim iad de bheith ábalta a gcuid inniúlachtaí agus cumas a léiriú ina steillbheatha, ag seónna trádála, is amhlaidh gur thug sí deis do na fiontraithe seo díriú isteach ar an phleanáil don todhchaí agus breithniú a dhéanamh ar mhargaí breise in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus níos faide i gcéin.  “Chuir an nascacht dhigiteach atá againn ón bhaile i nGaoth Dobhair ar ár gcumas fosta teagmháil a chothú le cliaint agus tionscadail a chur i gcrích ar an ardchaighdeán chéanna. Ní hamháin sin, chuidigh sí leis an bheirt againn níos mó ama a chaitheamh lenár dteaghlach agus taitneamh a bhaint as an tírdhreach álainn atá ar leac an dorais againn, ceann de na príomhchúiseanna ar phill mé abhaile go Dún na nGall,” arsa Éamonn go bródúil.

 

Virtual Teic - Ground Floor interior model

Samhaltú den taobh istigh d’Urlár an Talaimh

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO