Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Ag eagrú imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta?

02-08-2022 – An bhfuil sibh ag eagrú imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta?

 

An bhfuil sé i gceist agaibh gníomhaíochtaí nó imeachtaí a reáchtáil do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, a bheas ar siúl ón Satharn 13 Lúnasa go dtí an Domhnach 21 Lúnasa? Má tá, bhuel, tá tacaíocht ann daoibh. Tá Oifig Oidhreachta Chotnae dhún na nGall ag reáchtáil ócáid am lóin do gach duine atá ag reáchtáil imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta, agus beidh sé ar siúl i Músaem Contae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, i Leitir Ceanainn ar 1pm Dé hAoine seo anois, 5 Lúnasa. Is féidir le lucht eagraithe imeachtaí earraí bolscaireachta, agus brandáil Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta air, a fháil saor in aisce ag an ócáid seo. Beidh sólaistí beaga agus deoch ar fáil.

 

“Tá breis agus 50 imeacht eagraithe do Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall go dtí seo” arsa Joseph Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tá daoine ó eagraíochtaí oidhreachta, coistí pobail, iarsmalanna, ionaid oidhreachta agus Rannán an Chultúir, Comhairle Contae Dhún na nGall, ag teacht le chéile arís i mbliana le clár imeachtaí den scoth a chur le chéile do Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall. Cé nach mbeidh muid ag foilsiú ár clár imeachtaí póca, a mbíodh an-tóir air, i bhfoirm cóip chrua i mbliana tá méid áirithe earraí bolscaireachta ar fáil saor in aisce againn do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, a bhfuil ina measc veisteanna ardfheiceálacha, t-léinte, bratacha móra, bratacha beaga, stiallbhratacha, lainnéir agus pinn luaidhe, agus is féidir iad a phiocadh suas ag an ócáid Dé hAoine.” 

 

Is é téama na bliana seo do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ná an oidhreacht inbhuanaithe agus an bhithéagsúlacht, agus iarrtar ar eagraithe an téama seo a fhí isteach ina gcuid imeachtaí agus tograí maidir leis an oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha. Tá an córas clárúcháin ar líne oscailte anois agus is féidir gach imeacht agus gach togra a chlárú ar shuíomh gréasáin Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar www.heritageweek.ie/ga. Tá seimineáir ghréasáin ar fáil ar a bhfaighidh tú eolas, traenáil agus leideanna úsáideacha faoi conas do chuid imeachtaí agus tograí a reáchtáil agus a chur chun cinn. Más mian leat teacht chuig an ócaid Dé hAoine, cuir scéala le do thoil chuig Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall trí rphost chuig: [email protected] nó trí ghuthán ar (074) 917 2576.   

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO