Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Áis Cois Cladaigh oscailte go hoifigiúil ar Árainn

27-07-2022 – Áis Cois Cladaigh oscailte go hoifigiúil ar Árainn Mhór

Aerial view of the newly opened Arranmore Island Shore Front Amenity Development

 

Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR roimh oscailt oifigiúil na Forbartha Taitneamhachta Cois Cladaigh ar Oileán Árainn Mhór ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD Dé hAoine 22 Iúil 2022.

 

Tá an tionscadal mar chuid de thionscadal níos leithne €4.1m um athnuachan tuaithe dar teideal ‘Cuan go hOileán’ agus is toradh é an tionscadal seo ar obair chomhpháirtíochta idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comharchumann Oileán Árainn Mhór. Tá sé có-mhaoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Chiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe, rud atá ina ghné thábhachtach de Thionscadal Éireann 2040.  

 

Tá an tionscadal suite i dtimpeallacht chósta, nádúrtha, lán áilleachta i mbaile fearainn na Leidhbe Gairbhe ar an oilean, agus i ndiaidh dí an oscailt oifigiúil a dhéanamh dúirt an tAire Humphreys: 

 

 “Ba mhór an onóir dom an áis cois cladaigh a oscailt go hoifigiúil ar Árainn Mhór mar chuid den tionscadal athnuachana Cuan go hOileán, a fuair maoiniú de bhreis agus €3.1 milliún ón Chiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe. Cuirfidh an áis iontach úr seo feabhas mór ar chaighdeán beatha bhunadh an oileáin ar Árainn Mhór. Rachaidh sé go mór chun sochair an aosa óig – ag soláthar áit le haghaidh ceolchoirmeacha agus imeachtaí chomh maith le háit súgartha – rud a chuirfidh feabhas ar an oileán mar áit le fás aníos ann, agus déanfaidh sé cuid mhór fosta chun tacú le gnólachtaí úra i réimsí na turasóireachta, an fháilteachais agus na fóillíochta.

 

Is é a chonaic mise ar an oileán seo ná meon láidir pobail. Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do Chomharchumann Oileán Árainn Mhór as a gcuid sároibre, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Chomhairle Contae Dhún na nGall, faoi cheannaireacht an Phríomhfheidhmeannaigh John McLaughlin as an ról tábhachtach a bhí acu sa togra seo a thabhairt chun críche. Agus sa deireadh, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Aire Charlie McConalogue agus don Teachta Joe McHugh, lenar oibrigh mé go dlúth i nDáil Éireann chun infheistíocht a fháil do Dhún na nGall faoi Ár dTodhchaí Tuaithe.”   

 

 Cuireann an fhorbairt spás úr carrpháirceála ar fáil, i gcomhar le hinrochtaineacht chuig an trá, clós súgartha ar leith do pháistí dírithe ar fhearas súgartha ina lár ar long foghlaithe é, agus spás ar leith le haghaidh ceolchoirmeacha agus imeachtaí a bhfuil cruth amfaitéatéir air agus dearadh atá spreagtha ag an phobal air.   

 

Ag an oscailt oifigiúil thug Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Michael Naughton, aitheantas don ról tábhachtach rathúil a bhí ag an phobal i bpleanáil an tionscadail agus dúirt: “Is eiseamláir dea-chleachtais é seo d’athnuachan faoi cheannas an phobail, agus is léiriú é ar an dóigh ar féidir le gníomh éifeachtach pobail cuidiú leis an rialtas áitiúil agus náisiúnta tacú le pobail lena gcuid aislingí a bhaint amach’. Mhol Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John G. McLaughlin an comhoibriú idir an pobal, baill foirne na Comhairle agus an conraitheoir Joseph McMenamin & Sons (Srath an Urláir) Teo as an tionscadal a chur i gcrích in am agus laistigh den bhuiséad, go háirithe nuair a bhí an oiread sin dúshlán mór ann, ar a n-áirítear paindéim Covid 19.     

 

 Úsáideadh an Spás le haghaidh Imeachtaí trí huaire cheana féin mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Earagail, agus óstáladh an chéad cheolchoirm tráthnóna Dé hAoine i ndiaidh na hoscailte oifigiúla nuair a chuir Clann Mhic Ruairí, Green Island agus Aíonna Speisialta siamsaíocht ar fáil do gach duine a bhí i láthair.  

 

Ghabh Bainisteoir Chomharchumann Oileán Árainn Mhór CTR, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, buíochas agus comhghairdeas le Comhairle Contae Dhún na nGall agus lena Foireann Athnuachana agus Aonad Seachadta Caipitil as a gcomhoibriú cuimsitheach le Comharchumann Oileán Árainn Mhór, agus ghabh sí buíochas leis an Aire Heather Humphries as an mhaoiniú a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar fáil a chuidigh leis an áis a fhorbairt.  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO