Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > An Scríbhneoireacht Chruthaitheach - Fighting Word

An Scríbhneoireacht Chruthaitheach - Fighting Words

Tá Leabharlann Lárnach Leitir Ceanainn ag lorg oibrithe deonacha le haghaidh a gcuid ceardlanna ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, Fighting Words, a thosóidh in 2022.

 

Cén cineál tionscadail é ‘Fighting Words’?

Bunaithe i mBaile Átha Cliath in 2009 ag Roddy Doyle agus Séan Love, is clár scríbhneoireachta cruthaitheach an-rathúil é Fighting Words a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú le páistí agus le daoine óga cumhacht a gcuid samhlaíochta agus scileanna scríbhneoireachta cruthaitheacha féin a aimsiú agus leas a bhaint as. Ag feidhmiú anois in áiteanna ar fud oileán na hÉireann, tá Fighting Words ag teacht ar ais go Dún na nGall

 

Agus draíocht na scríbhneoireachta á cur i láthair do pháistí agus daoine óga, baineann Fighting Words le rud éigin i bhfad níos leithne agus níos cuimsithí fosta. Baineann sé le cleachtas cruthaitheach na scríbhneoireachta agus na scéalaíochta a úsáid chun ár bpáistí agus ár ndéagóirí a neartú le go mbeidh siad athléimneach, cruthaitheach agus ina gcruthaitheoirí rathúla ar a saol féin.

 

Conas a Oibríonn Sé?

Cuireann Fighting Words ceardlanna dhá uair an chloig ar fáil saor in aisce do ranganna páistí bunscoile. Tosaíonn an rang scéal mar ghrúpa agus scríobhann gach dalta a gcríoch aonair féin!

 

Cé atá in ann obair go deonach le Fighting Words?

Is féidir le duine ar bith a bheith ina theagascóir deonach le Fighting Words - ó dhaltaí 3ú leibhéal go dtí daoine atá ar scor agus gach duine eatarthu, is cuma cad é a dhéanann tú (ní gá duit a bheith i do scríbhneoir nó i do mhúinteoir!).

 

Más maith leat a bheith ag obair i dtimpeallacht chruthaitheach agus más éisteoir maith tú, tá fáilte romhat obair dheonach a dhéanamh. Tá obair dheonach solúbtha agus spraíúil, gan de bhrú ort a dhéanamh ach an méid is mian leat.

 

Má tá suim agat agus más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal seo,

cláraigh dár n-IMEACHTAÍ FAISNÉISE AR LÍNE a bheidh ar siúl ar

Dé Máirt 15 Feabhra ó 7pm - 9pm trí zúm.

 

Chun clárú seol do shonraí chuig [email protected]

“Fighting Words Donegal” sa líne ábhair.

 

Faigh tuilleadh eolais ag www.fightingwords.ie

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO