Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Beatha a chur san Oidhreacht Stairiúil Mhuirí

12-07-2022 – Beatha a chur arís in Oidhreacht Stairiúil Mhuirí Dhún na nGall

 ‘Wrath of the Atlantic, Wrecks of the Armada’ – this will be launched at Inishowen Maritime Museum & Planetarium.  This VR experience takes you back in time to the Spanish Armada era dating back to the 16th Century

 

Nochtfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall trí cinn d’eispéireas Réaltacht Fhíorúil amárach (13 Iúil 2022) i dTeach Solais Fhánada, An Dún Riabhach agus Iarsmalann Mhuirí Inis Eoghain.  

 

Cruthaíodh na trí eispéireas Réaltacht Fhíorúil mar chuid de thionscadal TIDE, arna mhaoiniú ag an AE, agus is é atá ann ‘An Stoirm, An Fharraige – An Saldanha’ ag Teach Solais Fhánada, ‘Fearg an Atlantaigh, Bádaí Báite na hArmáide’ ag Iarsmalann Mhuirí agus Pláinéadlann Inis Eoghain agus ‘Aire! Conbhua Thíos. An Chéad Chogadh Domhanda’ ag An Dún Riabhach.  

 

Agus é ag caint roimh an seoladh agus ag cur fáilte roimh na heispéiris úra seo dúirt an Clr. Liam Blaney, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “chan amháin go gcuidíonn na heispéiris seo le stair uathúil mhuirí Dhún na nGall a insint agus a chomhroinnt, ach cuireann siad fosta le tarraingteacht na n-áiseanna amhail Teach Solais Fhánada, An Dún Riabhach agus Iarsmalann Mhuirí Inis Eoghain. Tríd an chineál seo teicneolaíochta a úsáid thig linn daoine a thabhairt siar in am ar thuras le tuiscint níos fearr a fháil ar imeachtaí tábhachtacha sa stair s’againn, agus beidh suim ní hamháin ag cuairteoirí iontu ach ag muintir na háite chomh maith, agus níos tábhachtaí arís, ag ár gcuid páistí agus daoine óga”.

 

Tá Tionscadal TIDE á mhaoiniú ag Clár Limistéar Atlantaigh Interreg agus Comhairle Contae Dhún na nGall araon, agus is é Ernact atá i gceannas air. Tagann páirtnéirí eile an tionscadail ó Thuaisceart Éireann, An Ríocht Aontaithe, An Fhrainc, An Spáinn agus An Portaingéil. Is é an príomhfhócas atá ag Tionscadal TIDE ná téama comónta muirí a chur chun cinn i measc pháirtnéirí uilig an tionscadail agus san am céanna gné úr a chur leis an turasóireacht agus leis an oidhreacht chultúrtha i réigiún an Atlantaigh, tríd an teicneolaíocht is úire a úsáid chun eispéiris chuairteoirí a shaibhriú.

 

Díríonn Tionscadal TIDE ar réanna Napoleon, Armáid na Spáinne, na Cogaí Domhanda agus Imirce an Atlantaigh.  

 

Tugtar cuireadh don phobal cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada, An Dún Riabhach agus Iarsmalann Mhuirí Inis Eoghain le sult a bhaint as na heispéiris réaltacht fhíorúil seo. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO