Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Beocht is Beatha in Oidhreacht Mhuirí

15-07-2022 – Ag cur beocht is beatha in athuair in oidhreacht stairiúil mhuirí Dhún na nGall

Cathaoirleach Donegal MD, Cllr Liam Blaney cuts the ribbons at the launch of the TIDE Project in Fanad Head on Wednesday.  Photo -Clive Wasson

Tionscadal TIDE – Ag seoladh ‘An Stoirm, An Fharraige, An Saldahna’, Eispéireas Réaltachta Fíorúla ó Ré Napoleon. Gearrann an Cathaoirleach na Comhairle, An Clr Liam Ó Bléine na ribíní ag seoladh Thionscadal TIDE i gCionn Fhánada Dé Céadaoin. Grianghraf – Clive Wasson

 

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an Clr Liam Blaney trí cinn d’eispéiris réaltachta fíorúla muirí a nochtadh go hoifigiúil Dé Céadaoin 13 Iúil 2022 ag Teach Solais Fhánada, Iarsmalann Mhuirí agus Plainéadlann Inis Eoghain agus An Dún Riabhach.

 

Cruthaíodh na trí eispéireas réaltachta fíorúla mar chuid de thionscadal TIDE, arna mhaoiniú ag an AE, agus ina measc tá ‘An Stoirm, An Fharraige agus An Saldanha’ ag Teach Solais Fhánada, ‘Fearg an Atlantaigh, Bádaí Báite na hArmáide’ ag Iarsmalann Mhuirí agus Pláinéadlann Inis Eoghain agus ‘Aire! Conbhua Thíos. An Chéad Chogadh Domhanda’ ag An Dún Riabhach. 

 

Agus é ag fáiltiú roimh na heispéiris úra seo dúirt an Clr. Liam Blaney, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá na heispéiris úra uathúla turasóireachta seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiain ag cur lena bhfuil le tairiscint ag Dún na nGall do chuairteoirí a thagann chuig an chontae. Tá siad ag cruthú táirge úr turasóireachta a thacaíonn, agus a chuireann, leis na háiseanna atá againn cheana féin, ag cinntiú go mbeidh eispéireas ag cuairteoirí nach ndéanfaidh siad dearmad air go ceann i bhfad’.  

 

TIDE Project – Launching ‘Wrath of the Atlantic – Wrecks of the Armada’ VR Experience (Spanish Armada era)
Cathaoirleach Donegal MD, Cllr Liam Blaney cuts the ribbons at the launch of the TIDE Project in Greencastle on Wednesday.  Photo – Brendan Diver

Seoladh Thionscadal TIDE ar an Chaisleán Nua Dé Céadaoin. Grianghraf – Brendan Diver

 

Chuir Cathaoirligh na gCeantar Bardais fáilte roimh na haíonna ag achan cheann de na suíomhanna, mar a bhí, an Clr Donal Mandy Kelly, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallógach agus an Clr Paul Canning, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Inis Eoghain. Labhair ionadaithe ó gach ceann de na hionaid ag an ócáid chomh maith, ina measc Raymond Moore, Cathaoirleach ar Theach Solais Fhánada, Rosemarie Moulden, an Bainisteoir ag Iarsmalann Mhuirí Inis Eoghain, agus John McCarter, Cathaoirleach ar Choiste an Dúin Riabhaigh, agus labhair Anne Marie McLaughlin thart ceann an phríomhpháirtnéara Ernact. Ba é Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Córas Faisnéise agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Dhún na nGall a bhí ina fhear an tí ar an ócáid.

 

Agus é ag caint ag seoladh an eispéiris RF ag Teach Solais Fhánada dúirt an Clr. Donal Mandy Kelly, Méara Leitir Ceanainn / Bhaile na nGallóglach: “Níl ach trí Phointe Sár-Radhairc ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall agus tá Teach Solais Fhánada ina measc, agus tá sé ar cheann de na háiseanna is mó siúl daoine air sa chuid seo den Chontae. Cuirfidh an t-eispéireas úr réaltachta fíorúla seo, mar atá ‘An Stoirm, An Fharraige agus An Saldanha’ go mór le heispéireas an tí sholais agus trí bheith ag díriú ar eachtra ar leith i stair Fhánada, eachtra a spreag tógáil agus oscailt an tí sholais in 1817, cuirtear eispéireas fiúntach ar fáil don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon”.  

 

 

TIDE Project – Launching ‘Beware! Convoy Below’ VR Experience (World War 1 era)
Cathaoirleach Donegal MD, Cllr Liam Blaney cuts the ribbons at the launch of the TIDE Project in Dunree on Wednesday.  Photo – Brendan Diver

Gearrann an Cathaoirleach na Comhairle, An Clr Liam Ó Bléine na ribíní ag seoladh Thionscadal TIDE ar an Dún Riabhach Dé Céadaoin. Grianghraf – Brendan Diver

 

Agus é ag caint faoi eispéireas RF Armáid na Spáinne atá á óstáil in Iarsmalann Mhuirí Inis Eoghain dúirt an Clr. Paul Canning, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Inis Eoghain: “Tugann an t-eispéireas úr réaltachta fíorúla seo, Fearg an Atlantaigh – Bádaí Briste na hArmáide’ muid siar in am go dtí Armáid na Spáinne, am atá go mór i mbéal an phobail anseo go dtí an lá atá inniu ann’.

 

Dúirt Anne Marie McLaughlin ó Ernact, an príomhpháirtnéir sa tionscadal seo: “Is iad na 7 réigiún Atlantaigh atá páirteach sa tionscadal seo ná Dún na nGall, Doire, Cantabria sa Spáinn, agus Oileáin Mhaidéara, agus ionadaíocht á dhéanamh ar a son ag rialtas áitiúil agus ag saineolaithe turasóireachta. Agus ansin tá Devon againn, a bhfuil ionadaíocht á dhéanamh ar a shon ag an Seandálaí Contae agus ag páirtnéirí ó Ollscoil Cadiz, agus is saineolaithe iad ar an tseandálaíocht faoi uisce agus an oidhreacht mhuirí a bhainistiú. Tá saineolas teicneolaíochta á sholáthar ag CLARTÉ, atá ar thús cadhnaíochta i réimse na teicneolaíochta Réaltachta Fíorúla agus Réaltachta Breisithe sa Fhrainc”.

  

Chruthaigh Emagine Media Teo. dhá cheann de na heispéiris Réaltachta Fíorúla atá ar taispeáint ag Teach Solais agus ag Iarsmalann Mhuirí Inis Eoghain, agus is iad Clarte, páirtnéirí tionscadail sa Fhrainc, a chruthaigh an t-eispéireas Chéad Chogadh Domhanda atá ar taispeáint ag An Dún Riabhach.

  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO