Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag eisiúint míle ticéad sa bhreis ar 10am Dé Luain 8 Lúnasa, 2022, don cheolchoirm le Nathan Carter, atá díolta amach, a bheas ar siúl ag Páirc CLG na nDúnaibh Dé Sathairn 20 Lúnasa, 2022.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag óstáil na ceolchoirme iontaí seo, amuigh faoin spéir, mar chuid de Chomórtas Laochra Gailf na hÉireann i gcomhar le Fondúireacht Mhig Fhionnlaoich.
I measc na gceoltóirí agus buíonta a bheas ar an ardán le linn an deireadh seachtaine beidh Na Mooneys, le tacaíocht ó Declan McClafferty Dé hAoine 19 Lúnasa, agus Nathan Carter, le tacaíocht ón Chomhaltas, Dé Sathairn 20 Lúnasa.
Tá líon teoranta ticéad fágtha go fóill do Na Mooneys, agus beidh Caitlín Nic Gabhann, Nia Ní Bheirn agus Manus Lunny ar an ardán ina gcuideachta, agus is féidir iad a chur in áirithe anseo:
https://www.govisitdonegal.com/festivals-and-events/donegal-festival-of-golf-na-mooneys
Eiseofar ticéid bhreise do Nathan Carter ar 10am Dé Luain, 8 Lúnasa agus beidh siad sin ar fáil anseo:
https://www.govisitdonegal.com/festivals-and-events/donegal-festival-of-golf-nathan-carter
Tá na ticéid saor in aisce ach is gá iad a chur in áirithe agus teoranta do dhá thicéad do gach áirithint. Is iad na chéad daoine a thiocfaidh chugainn a gheobhaidh na ticéid.