Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Ceangal Dhún na nGall seolta

Ceangal Dhún na nGall seolta

Donegal guests pictured at the launch of Donegal Connect (which takes place on 23rd to 25th September 2022) as part of the Global Irish Festival Series in the Irish Embassy in London on Wednesday 29 June 2022 are, from left to right – Ella Martin, Ray Martin, Marian Quinn, Seamus Quinn, Garry Martin, Brendan Vaughan, Tim Kelly, Richard Logue, Anne Marie Conlon and Dermot Skinnader.

 

Seoladh Ceangal Dhún na nGall in Ambasáid na hÉireann i Londain Dé Céadaoin seo caite (29 Meitheamh 2022) mar chuid de Shraith Féilte Domhanda na hÉireann. D’eascair an tsraith as an deis a cruthaíodh le linn Teacht le Chéile 2013, nuair a bhí Fáilte Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag comhoibriú leis an deis iontach seo a thairiscint do na mílte Éireannach ar fud an domhain athcheangal a dhéanamh lena dtír dhúchais. Ba é an tAmbasadóir Adrian Ó Neill a d’óstáil an seoladh, in éineacht leis an Patrick O’Donovan T.D, Aire Oifig na nOibreacha Poiblí agus Faoiseamh Tuilte agus leis an Cheann Comhairle Seán Ó Fearghaíl.

  

Tá Ceangal Dhún na nGall 2022 á chomhordú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus beidh sé ar siúl ón 23 go dtí an 25 Meán Fómhair, agus is ócáid é a bheas ar siúl ar fud na condae agus é de chuspóir aige daoine as Dún na nGall a spreagadh le pilleadh abhaile agus cultúr ar leith na contae a cheiliúradh, startha comhroinnte a nochtadh,agus ceangail úra láidre a chruthú.  

 

Beidh Gradaim Dhiaspóra Tip Ó Néill lárnach i gCeangal Dhún na nGall na bliana seo. Agus é ar siúl ar an 23 Meán Fómhair in Óstán an Inishowen Gateway, táthar ag dréim le hoíche den chéad scoth ag ceiliúradh na ndaoine sin a chuireann go mór chan amháin le Contae Dhún na nGall ach le hoileán iomlán na hÉireann agus le pobail Éireannacha ar fud an domhain. I measc imeachtaí eile ar fiú súil a choinneáil amach fána gcoinne tá Carnabhal Cheangal Dhún na nGall i bPáirc Swan, Bun Cranncha, agus Ceardlann Ginealais Dhún na nGall ‘Tá sé sa DNA againn’. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Cheangal Dhún na nGall ar https://donegal.ie/en/donegal-connect. Leanfar le sonraí úra a chur leis an chlár sna seachtainí agus míonna amach romhainn.

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Ó Bléine: “Tá an chuma air go mbeidh Ceangal Dhún na nGall 2022 ina dheireadh seachtaine spreagúil de cheiliúradh ar gach rud a bhaineann le Dún na nGall, ón chultúr go dtí na healaíona agus cúrsaí gnó. Tá sé fíorthábhachtach dúinne i gComhairle Contae Dhún na nGall a bheith i dteagmháil lenár nDiaspóra agus tá mé ag súil go mór le Ceangal Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair i mbliana.”

 

Ag caint faoin tSraith Dhomhanda d’Fhéilte Éireannacha dúirt Ciara Sugrue, Ceannasaí Féilte le Fáilte Éireann: “Tá áthas orainn a bheith ag obair arís leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an tSraith Dhomhanda d’Fhéilte Éireannacha i ndiaidh bearna dhá bhliain. Cuideoidh na féilte agus na himeachtaí, a fhaigheann tacaíocht fríd an tsraith, chun an turasóireacht a thiomáint i dtreo áiteanna ar leith, ina measc chuig ceantracha réigiúnacha taobh amuigh de na háiteanna is mó siúl orthu faoi láthair, agus ag dul chun sochair eacnamúil do phobail áitiúla. Beidh sé seo fíorthábhachtach agus muid ag cur borradh faoin téarnamh in earnáil na turasóireachta.”

 

Tá eolas iomlán faoin chlár ar fad don tSraith Dhomhanda d’Fhéilte Éireannacha ar fáil anseo – Global An tSraith Dhomhanda d’Fhéilte Éireannacha 2022 | Ireland.com

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO