Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Clárú Imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta

27-06-22 Cláraígí bhur gcuid Imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta

Heritage Week

Ag seoladh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ag Plás Nano Nagle, Corcaigh, tá Virginia Teehan (Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta) agus an tAire Malcolm Noonan (An tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán). Bronnadh Duais Mhúsaem Chomhairle na hEorpa ar Phlás Nano Nagle ar na mallaibh.

 

Beidh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl i mbliana ón Satharn 13 Lúnasa go dtí 21 Lúnasa. Tá an Chomhairle Oidhreachta ag tathant ar dhaoine aonaracha, coistí pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, daoine úra agus díograiseoirí a bheith páirteach sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta trí ócáid nó tionscadal a reáchtáil. Is é téama na bliana seo ná an oidhreacht inbhuanaitheach agus an bhithéagsúlacht, agus moltar do lucht eagraithe imeachtaí an téama seo a cheangal isteach ina gcuid imeachtaí agus tionscadail oidhreachta, idir oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha. 

 

Is féidir imeachtaí agus tionscadail a chlárú ar líne anois ar shuíomh idirlín na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta ar www.heritageweek.ie. Tá 100 moladh ansin fosta le haghaidh imeachtaí a thig libh a reáchtáil nó triail a bhaint astu. 

 

“Tá an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar cheann de na himeachtaí bliantúla is mó in Éirinn, agus tá na himeachtaí beo, duine le duine, ar ais ina n-iomlán i mbliana” a dúirt Joseph Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Molann muid do dhaoine imeachtaí digiteacha a reáchtáil fosta, chun tógáil ar an rath a bhí ar thograí ar líne anuraidh nuair a ghlac níos mó daoine ná riamh páirt san fhéile ar fud na tíre. Beidh an Chomhairle Oidhreachta ag cur na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta chun cinn go náisiúnta, agus beidh ábhair thacaíochta ar fáil nuair a chláróidh tú d’imeacht nó do thionscadal ar líne.

 

Tá seimineáir ghréasáin ar fáil ina bhfuil noda agus leideanna úsáideacha faoin dóigh chun bhur gcuid imeachtaí agus tionscadal a reáchtáil agus a chur chun cinn ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta. Mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta beidh imeachtaí ar siúl i dtithe oidhreachta oscailte, siúlóidí treoraithe, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, cainteanna léirithe, athléirithe stairiúla, taispeántais nádúrtha, turais ghairdín, taispeántais ar scileanna traidisiúnta, traenáil i scileanna, lainseálacha, craoladh scannán, scéalaíocht, ceol traidisiúnta agus gníomhaíochtaí do pháistí.”.    

 

Beidh téama ar leith ann le linn dhá lá den tSeachtain Oidhreachta: Dé Sathairn, Lúnasa 20, beidh ‘Lá Fiánta na bPáistí’ ann agus táthar ag spreagadh páistí agus teaghlaigh le dul amach faoin spéir agus sult a bhaint as an oidhreacht agus as an bhithéagsúlacht ina gceantar dúchais agus foghlaim faoi. Dé Domhnaigh 21 Lúnasa, beidh Lá Oidhreachta an Uisce ann, agus déanfar ceiliúradh ar uisce na hÉireann agus ar an tionchar a bhí ag an fharraige, na haibhneacha, na locha agus na portaigh ar stair agus ar oidhreacht na tíre s’againne. 

 

Is iad na hOifigigh Oidhreachta sna hÚdaráis Áitiúla, i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta, a dhéanann an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta a chomhordú, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is é is cuspóir leis an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ná feasacht agus tuiscint a chothú i dtaca leis an oidhreacht, agus solas a dhíriú ar an obair iontach atá ar siúl in achan phobal in Éirinn lenár n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha a shlánú, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ba chóir imeachtaí agus tionscadail duine le duine, nó digiteacha, a chur i gcrích in am don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta (13-21 Lúnasa) agus a chur isteach chuig www.heritageweek.ie. Is féidir tionscadail dhigiteacha a uaslódáil go suíomh gréasáin na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta go dtí an Mháirt 23 Lúnasa.    

 

Ag caint ag seoladh na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach leis an Chomhairle Oidhreachta “Tá snáithe ag rith tríd an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus tríd an obair níos leithne atá ar siúl ag an Chomhairle Oidhreachta, agus is é sin suim a spreagadh, rannpháirteachas a chothú agus oidhreacht a chomhroinnt. Tá muid ag tathant ar lucht eagraithe imeachtaí duine le duine agus digiteacha smaointiú ar ghrúpaí nó dhaoine aonaracha, b’fhéidir nach de bhunadh na háite iad, nó a bhféadfadh riachtanais chéadfacha nó rochtana acu, a mhealladh isteach. Mar an gcéanna, d’fhéadfadh lucht eagraithe imeachtaí comhoibriú le baill de phobail mhionlaigh chun díriú ar ghné ar leith den oidhreacht áitiúil nár tugadh aird di roimhe seo agus an scéal sin a bhéimniú.” 

 

Tá an tSeachtain Náisúnta Oidhreachta mar chuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscadal de chuid Chomhairle na hEorpa agus den Aontas Eorpach ina mbíonn breis agus daichead tír páirteach ann gach bliain. Fá choinne tuilleadh eolais, logáil isteach ar www.heritageweek.ie, rphost [email protected] nó cuir scairt ar 087 368 3515.  Tá comhairle ar fáil fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO