Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Cód úr campála seolta ag an Chathaoirleach

08-07-2022 – Cód úr campála seolta ag an Chathaoirleach do Dhún na nGall

Cllr Liam Blaney, Cathaoirleach of Donegal County Council pictured at the launch of the Campervan protocol with Annmarie Conlon (Head of Economic Development) and Garry Martin (Director of Economic Development, Emergency Services and Information Systems) Donegal County Council   (NW Newspix)

 

Tá cód úr iompair seolta inniu ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Blaney. Tá dhá chuspóir leis an chód úr seo, agus is iad chun cuidiú le lucht campála sult a bhaint as a gcuairt ar Dhún na nGall le linn an tsamhraidh seo, agus san am céanna, chun an contae álainn s’againne a chosaint.

 

D’eascair an Cód seo as moltaí a tháinig chun cinn le linn staidéar a choimisiúnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall in 2021, agus tá sé curtha i dtoll a chéile i gcomhpháirt le lucht campála, úsáideoirí veain champála, gnólachtaí agus pobail áitiúla. Iarrann an cód úr, atá ar fáil ar an suíomh gréasáin GoVisitDonegal.com, ar chuairteoirí pleanáil chun tosaigh, áirithintí a dhéanamh roimh ré, agus a bheith airdeallach faoin timpeallacht agus iad ag taisteal fríd an chontae.

 

Níl sa Chód seo ach ceann amháin de na hacmhainní atá ar fáil ar GoVisitDonegal.com fá choinne lucht campála agus úsáideoirí veain champála, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil ró-eolach ar an cheantar. Tá rannóg úr ar an suíomh gréasáin ag plé leis an champáil, agus tá eolas ann faoi roghanna i dtaca le páirceáil thar oíche, áiseanna áitiúla, áiteanna le hithe agus le cuairt a thabhairt orthu, chomh maith le háiseanna athchúrsála agus dramhaíola.

 

Dúirt an Clr. Liam Blaney: “tá muid ag súil arís le fáilte a chur roimh neart cuairteoirí campála go Dún na nGall an samhradh seo agus tá súil agam go gcuideoidh an cód úr seo, agus an t-eolas atá á sholáthar ar shuíomh gréasáin GoVisitDonegal, le lucht campála sult a bhaint as a seal i nDún na nGall. Tá muid ag iarraidh ar chuairteoirí pleanáil chun tosaigh sula dtiocfaidh siad chuig an chontae agus smaointiú go cúramach faoi cén áit a mbeidh siad ag páirceáil agus chun áirithint a dhéanamh roimh ré más féidir. Ba mhaith linn go mbainfeadh na cuairteoirí sult agus taitneamh as an líon mór áiseanna agus saoráidí atá ar fáil sa chontae agus go dtacódh siad le gnólachtaí áitiúla nuair a bheas siad anseo’.

 

Ghabh Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall, buíochas leis na páirtithe leasmhara a d’oibrigh i gcomhpháirt leis an Chomhairle leis an chód a fhorbairt, agus dúirt sí: “tá an cód seo forbartha i gcomhpháirt le grúpaí éagsúla, a bhfuil ina measc Fáilte Éireann, Motorhome Ireland, Campáil Éireann, Campáil Dhún na nGall agus Cumann na bPáirceanna Carbháin agus Comhairle Charbhán agus Champála na hÉireann, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh agus mo bhuíochas a ghabháil leo as a n-am agus as a gcuid oibre leis an tionscnamh seo a dhéanamh chomh dearfach agus fáiltiúil. Trí eolas úsáideach agus comhairle a chur ar fáil do lucht campála ar shuíomh gréasáin GoVisitDonegal, is fearr anois an deis atá ag cuairteoirí chun pleanáil chun tosaigh agus saoire den chéad scoth a bheith acu i nDún na nGall.

 

Tá an Cód Iompair ar fáil ar: https://www.govisitdonegal.com/ccc-services/code-of-conduct

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO