Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Comhdháil mhór óige don Eoraip i nDún na nGall

25-07-2022 – Tionóil Réigiúin na hEorpa chun Comhdháil mhór a thabhairt chuig Contae Dhún na nGall le haghaidh Bhliain Eorpach na hÓige

Tabharfaidh Tionól Réigiúin na hEorpa (TRE), an gréasán neamhspleách is mó d’údaráis réigiúnach san Eoraip, an Chomhdháil Óige mhór s’acu, Acadamh Samhraidh TRE, chuig Contae Dhún na nGall ón 29 Lúnasa go dtí 1 Meán Fómhair 2022.

 

Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta an chomhdháil “Acadamh Samhraidh TRE – Eoraip le haghaidh na Chéad Ghlúine Eile” a chomh-óstáil in Campas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) i Leitir Ceanainn, agus beidh breis agus 100 polaiteoirí, ionadaithe óige agus gníomhaithe sochaí shibhialta ó ar fud na hEorpa i láthair le haghaidh seachtain díospóireachtaí faoi conas todhchaí níos daonlathaí, níos síochánta, níos inbhuanaithe a chruthú trí dhlúth-rannpháirteachas leis an óige, ag toiseacht i réigiúin de chuid na hEorpa. Tá an leagan seo d’Acadamh an tSamhraidh ar an chéad cheann ó thús na paindéime, agus is é seo an chéad uair a thiocfaidh an ócáid go hÉirinn.   

 

Tá Acadamh an tSamhraidh ag tarlú i mbliain ina bhfuil a lán clochmhílte tábhachtacha ann don chaidreamh idir Éirinn agus a cuid páirtnéirí Eorpacha. Tá an bhliain 2022 ainmnithe mar Bhliain Eorpach na hÓige ag Coimisiún na hEorpa, agus is í seo an 50ú bliain ó vótáil Éire chun bheith páirteach sa Chomhphobal Eorpach, ar tháinig an tAontas Eorpach i gcomharbacht air, in 1972.  Tá Éire ag déanamh cathaoirleachta fosta faoi láthair ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa. Tá an ócáid á có-mhaoiniú ag Tionscnamh Cumarsáidithe Eorpach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn.

 

Is é a bheas ar siúl ag Acadamh an tSamhraidh díospóireachtaí iomlánacha ar rannpháirteachas an aosa óig sa pholaitíocht réigiúnach agus réimse ceardlann ar an fhiontraíocht, an bithgheilleagar, géarchéim na dteifeach ón Úcráin, agus an todhchaí i dtaca le scileanna, turasóireacht agus obair chianda. Beidh roinnt cuairteanna staidéir fosta ar Chathair Dhoire chun foghlaim faoin Phróiseas Síochána, ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus ar an mhol digiteach Gaeltachta atá ag Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair.

 

I measc na gcainteoirí atá cinntithe, tá Andreas Kiefer, Ard-Rúnaí ar Chomhdháil na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach de chuid Chomhairle na hEorpa, agus Joe McHugh TD, Cathaoirleach ar Choiste an Oireachtais i dtaca le Gnóthaí an Aontais Eorpaigh. Táthar ag dréim le toscaireachtaí ó bhaill-réigiúin an TRE in Éirinn, sa tSualainn, san Iorua, sa Rómáin, sa Spáinn, sa tSeirbia agus eagraíochtaí páirtnéireachta i réimse na hóige.  

 

Ag fógairt an tseolta dó, dúirt Uachtarán an TRE, Magnus Berntsson: “Tá lúcháir orainn Acadamh an tSamhraidh a thabhairt go Contae Dhún na nGall le linn Bhliain Eorpach na hÓige, agus i mbliain ina bhfuil comóradh speisialta 100 bliain ar siúl in Éirinn. Bhí cúpla bliain iontach crua ag aos óg na hEorpa. De réir mar a dhéanaimid Eoraip a athchruthú sa ré iar-Covid seo, tá sé riachtanach go n-oibreodh lucht déanta polasaithe le chéile chun guth ceart a thabhairt do dhaoine óga sa todhchaí a ba mhaith leo a chruthú – ag toiseacht inár gcuid réigiún. Beidh deis iontach ag daoine óga le linn Acadamh an tSamhraidh i nDún na nGall dul i ngleic leis na dúshláin chomónta atá roimh gach réigiún de chuid na hEorpa.” 

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Bléine: “tá muid ag súil go mór le fáilte a chur roimh dhaoine óga ón Eoraip, aíonna speisialta agus cainteoirí chuig an chontae s’againne le haghaidh ócáid thábhachtach mar seo. Tá na hábhair a ndéanfar plé orthu fíorthábhachtach do na ceannairí a bheas againn amach anseo agus fáiltímid roimh an deis a leithéid de phlé a éascú.” 

 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach le hÚdarás na Gaeltachta agus Leas-Uachtarán TRE don Óige: “Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta a bheith i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall agus TRE le hAcadamh Samhraidh 2022 a chur ar fáil. Tá muid ag súil mór le bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe i ngréasán leathan TRE chun tabhairt faoin réimse leathan saincheisteanna a bheas á bplé san acadamh, rud a chuideoidh le Eoraip a chothú don chéad ghlúin eile.”  

 

Tá clárúcháin ar oscailt via  Eventbrite agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin TRE.

 


 
Maidir le TRE:

Tá Tionól na Réigiún Eorpach (TRE) ar an ghréasán neamhspleách is mó de réigiúin san Eoraip i gcoitinne, le breis agus 130 ball in 30 tír – ón Iorua go dtí an Tuirc agus ón Úcráin go dtí an Phortaingéil. Bhí TRE mar ghuth ag údaráis réigiúnacha ón bhliain 1985 agus bhí ról ríthábhachtach aige maidir le réigiúin a aithint mar phríomhpháirtithe i dTionscadal na hEorpa. Tá an gréasán s’againn ar fáil gach áit ar fud mhór-roinn na hEorpa, taobh istigh agus taobh amuigh den Aontas Eorpach. I láthair na huaire tá trí bhall ag TRE in Éirinn: Comhairle Contae Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Mhaigh Eo.

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Bainisteoir Cumarsáide agus Imeachtaí TRE, Justin Sammon trí rphost ar [email protected] agus Comhordaitheoir na gClár, Lorène Weber ar [email protected].

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO