Tá Crosairí Ardfheiceálacha curtha isteach san áit a raibh ceithre cinn de chrosairí cúirtéise do choisithe ar an N15 cheana féin i mBealach Féich agus Srath an Urláir. Tá na marcálacha úra bóthair seo tugtha isteach i suíomh uirbeach chun cur leis an aird a bhíonn ag an lucht tiomána ar ghluaiseachtaí ag crosairí coisithe.
(Figiúirí 1 & 2).
Figiúr 1 – Suíomhanna na gCrosairí 1 agus 2 i mBealach Féich
Figiúr 2 – Suíomhanna na gCrosairí 3 agus 4 i Srath an Urláir
Is féidir an mharcáil don Chrosaire Ardfheiceálach úr, ag na crosairí atá ann cheana féin, a aithint san áit a bhfuil straidhpeanna leathana bána, cosúil leis na marcálacha ar Chrosairí ‘Séabracha’, curtha ar dhromchla an bhóthair. (Figiúirí 3 agus 4).
Figiúr 3 – HVC – Suíomh 3 i Srath an Urláir
Figiúr 4 – Ar an bhealach i dtreo an Chrosaire – suíomh 3 i Srath an Urláir
Conas an Crosaire Ardfheiceálach a úsáid
Mar thiománaí ba chóir duit ligint do choisithe an bóthar a thrasnú i gceantar uirbeach. Agus tú ag teacht a fhad le haon chrosaire coisithe ba chóir duit MOILLIÚ agus ullmhú le stad chun ligint don choisí dul trasna go sábháilte. Cuideoidh na marcálacha úra ardfheiceálacha le tiománaithe chun gluaiseachtaí na gcoisithe os a gcomhair a aithint agus a fheiceáil níos gaiste.
Ba chóir do choisithe déanamh mar a dhéanfadh siad ag Crosaire Séabrach agus ba chóir dóibh amharc amach fá choinne feithiclí ag teacht ina dtreo sula rachaidh siad trasna.
Dúirt Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóithre: “Ó cuireadh isteach na crosairí seo, tá suirbhé déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Ón aiseolas a fuarthas uaidh sin, is cosúil go bhfuil an pobal sásta leis na crosairí agus go bhfuil siad ag feidhmiú go maith, ach creidimid go bhfuil sé fíorthábhachtach agus ina chuidiú aird an phobail a dhíriú ar úsáid na gcrosairí chomh maith. Ní bhíonn ceart an bhealaigh i gcónaí ag feithiclí ar an bhóthar, mar sin de, le haon amhras a sheachaint agus ar mhaithe le sábháilteacht, ba chóir d’fheithicilí slí a ghéilleadh do choisithe i gcónaí. Ba chóir do thiománaithe a bheith i gcónaí cúirtéiseach le coisithe atá ag úsáid crosaire neamhrialaithe, agus ba chóirt do choisithe a chinntiú i gcónaí go bhfanóidh siad le bearna sa trácht agus gan dul trasna go dtí go bhfuil sé sábháilte sin a dhéanamh.”
Is féidir aon imní nó aon cheist a chur chuig [email protected], agus Bealach Féich / Srath an Urláir a lua le go dtig sin a chur ar aghaidh chuig an rannóg chuí laistigh de Bhonneagar Iompair Éireann.