Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar theorainneacha luais sa chontae agus chun cuidiú linn é seo a dhéanamh tá muid ag reachtáil roinnt imeachtaí buail isteach i ngach Ceantar Bardasach.
Leagfaidh na himeachtaí seo amach sonraí na n-athruithe atá beartaithe ar na fodhlíthe luasteorann reatha laistigh den chontae agus beidh baill foirne de chuid na Comhairle ar fáil chun saincheisteanna a phlé agus chun cuidiú a thabhairt do bhaill an phobail. Is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt ar an lá maidir leis an athbhreithniú.
Beidh tréimhse comhairliúcháin reachtúil eile ar siúl níos déanaí sa bhliain ag lorg aighneachtaí deiridh.
Beidh imeachtaí buail isteach ar siúl mar seo a leanas:
Dáta |
Ceantar Bardasach |
Ionad |
Am |
19 Deireadh Fómhair |
Leitir Ceanainn |
Seomra Cruinnithe Leitir Ceanainn, Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn |
15:00 go 19:00 |
28 Deireadh Fómhair |
Na Gleannta |
Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith |
16:00 go 19:00 |
1 Samhain |
Dún na nGall |
Seomra Cruinnithe Dhún na nGall, Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall |
15:00 go 19:00 |
8 Samhain |
Inis Eoghain |
Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach |
16:00 go 19:00 |
9 Samhain |
Srath an Urláir |
Ionad Fiontraíochta an Base, Srath an Urláir |
15.30 go 18.30 |
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Athbhreithniú ar Luasteorainneacha déan teagmháil leis an Chomhairle ar:
[email protected] nó scríobh chuig:
Suirbhé Luasteorainneacha,
An Oifig Dearaidh Bóithre,
Comhairle Contae Dhún na nGall
Teach an Chontae,
Leifear,
Co. Dhún na nGall.