Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Deontais le haghaidh foirgnimh feirme

Deontais d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

 Grants for farmers to conserve traditional farm buildings image

 

Tá maoiniú ar fáil chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú i gContae Dhún na nGall. Tá an maoiniú ar fáil ón Scéim Deontais le haghaidh Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme, atá á bhainistiú ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Faoin Scéim Ghlas, Charbón-Íseal, Agra-Chomhshaoil (GLAS), tá an maoiniú ar fáil chun cuidiú lena chinntiú go ndéantar foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir eile, a chuireann le carachtair an tírdhreacha agus atá iontach luachmhar ó thaobh na hoidhreachta de, a chaomhnú le haghaidh úsáid talmhaíochta. Is é an dáta deiridh le hiarratais ar líne a fháil chuig an scéim deontais ná Dé Máirt, 22 Feabhra ar 5pm.

 

“Tá ról tábhachtach ag feirmeoirí mar chaomhnóirí ar ár bhfoirgnimh dhúchasacha feirme agus ar ár dtírdhreach tuaithe” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Chomh maith le haidhmeanna GLAS a bhaint amach, ligeann an Scéim Deontais seo d’fhoirgnimh thraidisiúnta feirme leanúint orthu a bheith ábhartha do ghníomhaíochtaí talmhaíochta, cuidíonn sí le gnéithe dár n-oidhreacht thógtha tuaithe - atá tábhachtach do thréithe tírdhreacha den réigiún - a chothabháil, agus tugann sí eolas faoi shaol na tuaithe agus faoi stair áitiúil do chuairteoirí agus don phobal áitiúil araon. Tugann an scéim spreagadh agus tacaíocht d’fheirmeoirí cuid de na deisiúcháin, ar a laghad, a dhéanamh iad féin.  Cuireann sí fostaíocht ar fáil i gceantracha tuaithe fosta do chonraitheoirí áitiúla agus spreagann sí ceardaithe áitiúla chun foghlaim faoin chleachtas is fearr caomhnaithe agus é a chur i bhfeidhm.”

 

Is í an aidhm atá ag an Scéim Deontais fá choinne Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme ná a chinntiú gur féidir foirgnimh thraidisiúnta feirme, a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach oidhreachta leo, a choinneáil in úsáid d’obair thalmhaíochta. Tá an deontas ar fáil chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú, ar a n-áirítear díonta, ballaí, deisiúcháin struchtúrtha, fuinneoga agus doirse. Tá deontais ar fáil fosta fá choinne fá choinne struchtúir ghaolmhara eile amhail dromchlaí clóis stairiúla agus tréithe tírdhreacha thart ar chlós na feirme, na ballaí agus geataí feirme d’iarann buailte. Le bheith incháilithe don scéim, is gá go mbeadh carachtar oidhreachta dúchasach nó seandalaíochta ag na foirgnimh agus struchtúir ghaolmhara eile, agus go bhfuil siad ag cur lena suíomh agus lena dtimpeallacht.

 

 Luaigh Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, an tábhacht atá le tacú le scileanna tógála traidisiúnta chun tacú leis an obair seo. “Tá todhchaí an tírdhreacha thógtha thuaithe seo ag brath ar go leor daoine a bheith ann a bhfuil na scileanna tógála traidisiúnta acu leis an acmhainn theoranta seo a chothabháil, a chaomhnú agus a chóiriú. Le cois an luach atá acu ó thaobh oidhreacht chultúrtha de,  is cuid lárnach de thírdhreach tuaithe na hÉireann iad foirgnimh thraidisiúnta feirme. Na hábhair áitiúla a úsáidtear ina dtógáil ceanglaíonn sin iad leis na timpeallachtaí thart orthu, rud a chuireann lena dtréithe áitiúla agus réigiúnacha agus a chuireann lena sainiúlacht. Is eiseamláirí iad den fhadmharthanacht, agus is gá go mairfidh na scileanna fosta atá riachtanach le iad a chóiriú. Déanann an scéim seo infheistíocht sna ceardaithe sin a bhfuil na scileanna acu leis an stoc seo d’fhoirgnimh stairiúla a chothabháil don am atá romhainn. Déanann ceardaithe oilte na deisiúcháin de réir éiteas caomhnaithe a aithníonn na luachanna éagsúla atá sna foirgnimh seo agus a dtugann meas dóibh.”

 

“Tá an scéim seo i bhfeidhm ar bhonn leanúnach ó 2008 mar chuid de bheartas iomaíoch atá fite fuaite i scéimeanna agra-chomhshaoil na Roinne” a dúirt Charlie McConalogue T.D., An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara.  “Gineann sé torthaí intomhaiste atá infheicthe go poiblí, agus aithníonn sé na foirgnimh seo mar acmhainn a chuireann le caomhnú na bithéagsúlachta, le húsáid inbhuanaitheach acmhainní agus le maolú an athraithe aeráide. Is maith a lua fosta go bhfuil cuid mhór de na foirgnimh seo ag feidhmiú go fóill mar acmhainní úsáideacha don fheirmeoireacht agus nach iad na foirgnimh amháin atá ag fáil tacaíochta ach tréithe eile d’oidhreacht na feirmeoireachta chomh maith. Bhí de phléisiúr agam ar na mallaibh na hoibreacha a rinneadh ar na ballaí i nGairdíní an Dúin Mhóir de chuid an ochtú haois déag a fheiceáil, rud chan amháin a fheidhmíonn mar theorainn thart ar an fheirm ach atá fosta mar chuid de Shlí Ghairdíní Dhún na nGall. Nuair a choinníonn muid agus nuair a úsáideann muid ár gcuid foirgnimh thraidisiúnta feirme agus tréithe tógtha eile, seachnaíonn muid an mhianadóireacht, an cairéalú, an leagan crann, an déantóireacht agus an t-iompar a bhaineann le foirgnimh úra a thógáil, agus dá mhéad feirmeoirí a dhéanann obair athchóirithe agus obair oiriúnaithe le húsáid mar chuid den fheirm is amhlaidh gur lú an gá a bheas le bheith ag tógáil as an úr. Cuidíonn sé seo leis an athrú aeráide a mhaolú agus le hacmhainní a úsáid ar dhóigh inbhuanaitheach, agus tacaíonn sé le feirmeoirí ina gcuid iarrachtaí a bheith níos marthanaí ó thaobh na haeráide de.”

 

Tá an Scéim Deontais fá choinne Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme ar oscailt d’fheirmeoirí (i) a bhfuil conradh GLAS acu le Roinn na Talmhaíochta agus atá ceadaithe chun bheith páirteach i scéim GLAS agus (ii) arb iad úinéirí an fhoirgnimh/struchtúr gaolmhar eile iad a bhfuil maoiniú á lorg fána choinne nó atá ag gníomhú le cead an úinéara. Clúdóidh an deontas suas go dtí 75% de chostais na hoibre. Is é an deontas is lú a thabharfar ná €4,000 agus is é an deontas is mó a thabharfar ná €25,000. Agus €1.25 milliún ar fáil faoin scéim, measann An Chomhairle Oidhreachta go dtacófar le thart fá 70-80 tionscadal ar fud na tíre in 2022. Is gá iarratais chomhlánaithe a dhéanamh ar líne faoin Scéim Deontais fá choinne Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme chuig An Chomhairle Oidhreachta faoin Mháirt, 22 Feabhra ar 5pm. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag: www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202. Tá comhairle ar fáil d’iarratasóirí fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 917 2576. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO