Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Feachtas léitheoireachta i nDún na nGall

Feachtas léitheoireachta i nDún na nGall ar ais arís

 Campaign to get Donegal reading returns image

 


Beidh leabharlanna ar fud Chontae Dhún na nGall ag glacadh páirt san fheachtas 'Éire ag Léamh'.

 

Beidh iarrachtaí ar bun daoine a mhealladh chun na léitheoireachta ar fud an chontae i mí Feabhra roimh an lá náisiúnta na léitheoireachta Dé hAoine 25 Feabhra.

 

Beidh Leabharlanna na hÉireann ag ceiliúradh na léitheoireachta agus na dtairbhí sláinte agus folláine a bhaineann leis an léitheoireacht i gcomhar le foilsitheoirí, údair agus díoltóirí leabhar. Is páirt den chlár Éire Shláintiúil an feachtas seo.

 

Iarrfar ar achan duine ‘Bí Réidh Le Léamh’ do Éire ag Léamh, Dé hAoine, 25 Feabhra.

 

IrelandReads.ie

Thig leat an gealltanas léitheoireachta a thabhairt ag www.irelandreads.ie

 

Moltar an suíomh leabhair bunaithe ar spéiseanna an léitheora agus an méid ama atá ar fáíl acu. Moltar níos mó ná 1,500 leabhar bunaithe ar mholtaí ó leabharlannaithe ar fud na tíre.

Cuir an saghas leabhair is mó spéise don léitheoir chomh maith leis an mhéid ama atá ar fáil isteach sa suíomh agus gheofar moladh leabhair bunaithe ar na sonraí seo. Tabharfar an méid ama a thógfaí an leabhar a léamh agus thig leat dúshlán léitheoireachta a chur romhat féin.

 


Imeachtaí

Beidh imeachtaí agus tograí ar siúil ar fud na tíre i mí Feabhra roimh Éire ag Léamh Dé hAoine 25 Feabhra.

 

Imeachtaí i nDún na nGall:

 

Rannta le Chéile – Dé hAoine 25 Feabhra 11:00 i.n.

Beidh seisiún rannta do theaghlaigh ar siúl ar líne ar an Aoine 25 Feabhra ag 11:00 mar chuid d’imeachtaí Éire ag Léamh. Tabharfaidh an t-imeacht seo deis do theaghlaigh le páistí ar aois réamhscoile rannta Gaeilge a fhoghlaim agus ag chanadh  lena cheile. Eagraithe ag Glór na nGael, Leabharlann Chontae Dhún na nGall agus Líonradh Leitir Cheanainn.

 

Comórtas Grianghrafadóireachta – Dé hAoine 25 Feabhra

Beidh comórtas ar siúl ag Teanga Tí i gcomhphairtíocht le Leabharlann Chontae Dhún na nGall agus comhthreomhar leis an bhfeachtas Éire ag Léamh chun léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn i measc teaghlaigh. Beidh duaiseanna le baint!! Glac an gealltanas a bheith ag léamh ag irelandreads.ie


Málaí Ceardaíochta – 25Feabhra

Faigh mála ceardaíochta i do leabharlann áitiúil Dé hAoine 25ú Feabhra agus cruthaigh carachtar ó scéal. Bígí gasta mar beidh an méid málaí ar fáil teoranta. Faigh iad ag Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, An Lárleabharlann, Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin, Leabharlann Phobail an Dá Bhaile agus Leabharlann Phobail Bhun Cranncha.

 

CLG Dhún na nGall  - Comórtas Léitheoireachta i gcomhar le Coiste Sláinte agus Folláine CLG Dhún na nGall

Glac páirt sa chomórtas seo agus beidh deis agat geansaí Dhún na nGall nó ticéid do chluiche Dhún na nGall a bhaint! Coinnigh súil ar na meáin sóisialta.

 

Rannta ar líne le Bernie Doherty 24 Feabhra 10:00 i.n. [Béarla]

Seisiún rannta i mBéarla do theaghlaigh le Bernie Doherty

 

Laoch ag Léamh

Cé hé an Conallach clúiteach ag léamh? Beidh duaiseanna le baint! Coinnigh súil ar na meáin sóisialta.

 

Conallaigh Clúiteacha ag Léamh

Físeáin i rith na míosa de dhaoine cáiliúla as Dhún na nGall ag léamh. Coinnigh súil ar na meáin sóisialta.

 

Moltaí Leabhair

Foireann ón tSeirbhís Leabharlainne agus saineolaithe ag moladh leabhar do thuismitheoirí ar fhíseáin ar na meáin sóisialta.

 

Ag Ceiliúradh Scríbhneoirí Dhún na nGall

Póstaeir ar na meáin sóisialta ag ceiliúradh Scríbhneoirí Dhún na nGall

 

Mar pháirt den fheachtas ‘Leabharlanna Beaga’ gheobhaidh achan Ionad Luath-Óige cuireadh chuig imeacht Éire ag Léamh tríd an leabharlann áitiúil. Seoladh clár imeachtaí amach chuig na hionaid seo.

 

Beidh daoine cáiliúla cosúil le Marian Keyes, Joe Duffy, Colm Tóibín, Rick O’Shea, Liz Nugent ag tabhairt tacaíochta do Éire ag Léamh. Níos mó eolais ar fáil ag www.irelandreads.ie.

 

Glac an gealltanas léitheoireachta, faigh moltaí leabhar agus faigh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ag www.irelandreads.ie.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Éire ag Léamh i nDún na nGall, ar go leor imeachtaí eile, eolas ar áirithintí agus am na n-imeachtaí san áireamh, tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO