Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndiaidh Fógra Baol Tinte a eisiúint, Stádas Oráiste, do gach ceantar ina bhfuil breoslaí contúirteacha amhail aiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an Fógra i bhfeidhm go dtí meánlae 20 Iúil 2022.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall iarraidh ar úinéirí talún agus baill den phobal a bheith cúramach agus gach beart is gá a dhéanamh chun tinte aitinn a chosc.
Iarrtar ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith ar an airdeall agus scéala a chur faoi aon tine atá as smacht nó gan duine ina mbun, láithreach bonn, chuig an tseirbhís dóiteáin trí scairt a chur ar 999 nó 112.
Tá an Chomhairle ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal fosta gach aon rud a dhéanamh a d’fhéadfadh tús a chur le tinte aitinn.
Moltar do shealbhóirí tí nó d’úinéirí foirgnimh in áiteanna ina bhfuil baol ann ó thinte aitinn aon fhásra a thabhairt ar shiúl nó a ghearradh siar thart fán teach, fán fhoirgneamh nó fán umar ola lena chinntiú nach scriosfaidh aon tine aitinn a gcuid foirgneamh. Ba chóir na limistéir atá glanta siar agat a choinneáil saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a mheabhrú d’úinéirí talún agus do bhaill den phobal fosta, faoi na hAchtanna Fiadhúlra 1976 agus 2000, gur coir é aon fhásra, atá ag fás ar aon talamh nach ndéantar é a shaothrú idir 1 Márta agus an 31 Lúnasa in aon bhliain, a ghearradh, a dhó nó a scriosadh ar aon dóigh eile.