Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Gníomhú Aeráide agus an Chomhairle s'agatsa

An spotsolas ar ghníomhú aeráide ag Comhairle Contae Dhún na nGall le linn 'DoLáSaChomhairle' na bliana seo

Your Council day

 

 

Le linn ‘Lá do Chomhairlese’ i mbliana, a bheas ar siúl Dé hAoine 1 Iúil, cuirfear béim ar an obair thábhachtach atá ar siúl ag oibrithe Chomhairle Contae Dhún na nGall chun dul i ngleic le troid na condae i gcoinne an athraithe aeráide.

 

Ar fud na meán shóisialta, beidh #LáDoChomhairlese ag taispeáint na hoibre atá ar bun ag na hoibrithe tiomanta díograiseacha s’againn san údarás áitiúil, agus iad ar a ndícheall feabhas a chur ar shaol na ndaoine amuigh i bpobal s’acu féin. 

 

Tabharfaidh na húdaráis áitiúla spléachadh don phobal ar cad é a bhíonn ar siúl sa chúlra mar chuid de ghnáthlá oibre, le léiriú a thabhairt ar an réimse leathan oibre agus seirbhísí éagsúla a chuireann an Chomhairle ar fáil don phobal.  

 

“Tá an t-athrú aeráide ar an dúshlán is mó atá romhainn faoi láthair, go polaitiúil, go heacnamúil, go teicniúil agus go sóisialta, agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun ceannaireacht a thabhairt i dtaca le gníomhú aeráide. Beidh ar eagrais phoiblí cosúil linn féin, fiontair phríobháideacha agus gach saoránach céimeanna beaga agus céimeanna móra araon a ghlacadh, an méid atá faoinár rialú féin ag obair le chéile, leis an phlainéad a chosaint do na glúnta atá le teacht”, a dúirt John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach.

 

“Tá tuigbheáil mhaith ag na húdaráis áitiúla ar na príomhriachtanais atá ag ár bpobail ó thaobh gníomhú aeráide de agus is féidir linn na cuspóirí atá leagtha amach ag an Rialtas a chur i ngníomh. Ón taisteal gníomhach agus aisfheistithe go dtí laghú ar ár n-astaíochtaí carbóin agus a bheith ag comhoibriú le páirtnéirí agus le pobail áitiúla chun dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ullamh chun ceannaireacht a thabhairt i gcontae s’againne agus muid ag tabhairt faoin ghníomhú aeráide.”

  

“Tá méadú suntasach ar ár gcuspóirí aeráide anseo in Éirinn le blianta anuas. Tá ról ríthábhachtach á imirt ag údaráis áitiúla le cuspóirí náisiúnta aeráide a chur i ngníomh go háitiúil. Anois agus comh-chuspóirí agus comh-spriocanna ar fud 31 31 údarás áitiúil, is féidir linn tionchar mór a bheith againn.”

 

  

Deir an Plean Gníomhaíochta Aeráide go bhfuil ról cinniúnach ag údaráis áitiúla laistigh de phobail le ceannaireacht a thabhairt ar an ghníomhú aeráide ag an leibhéal áitiúil agus ag leibhéal an phobail.

 

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú plean gníomhaíochta aeráide don chontae, ag tógáil ar an Straitéis Oiriúnaithe Aeráide atá againn faoi láthair agus ar ár gcuid geallúintí i gCairt Gníomhú Aeráide na nÚdarás Áitiúil. Leagfar amach go soiléir ansin na céimeanna atá agus a bheas á gcur i bhfeidhm ag an Chomhairle lenár gcuid spriocanna aeráide a bhaint amach agus le ceannaireacht a thabhairt i dtaca leis an ghníomhú aeráide inár gceantracha agus inár bpobail.  #YourCouncilDay / #DoLásaChomhairle.

 

Lean @donegalcouncil ar twitter nó #YourCouncilDay / #DoLásaChomhairle lena fháil amach cad é atá ar siúl i nDún na nGall le linn Do Lá-sa sa Chomhairle.

 

Críoch

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO