Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Gradam le haghaidh Dearadh Uirbeach do Ráth Mealta

04-07-2022 – Gradam le haghaidh Dearadh Uirbeach do Ráth Mealtain

McFadden's Shop, Castle Street, Ramelton

 

Bhuaigh Tionscnamh Bailte Stairiúla Ráth Mealtain an Gradam le haghaidh Dearadh Uirbeach ag gradaim náisiúnta Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann ag an bhronnadh a rinneadh i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh. Bhí 147 iontráil istigh ar an chomórtas bliantúil gradam agus bhuaigh an iontráil a chuir Dedalus Architecture isteach ar son Ráth Mealtain an duais don Dearadh Uirbeach, agus tugadh ardmholadh dó fosta faoin chatagóir ‘Inbhuanaitheacht’.

 

Ba iad na cliaint don tionscadal ná úinéirí ar fhoirgnimh phríobháideacha, Cumann Seoirseach Ráth Mealtain agus Comhairle Contae Dhún na nGall. Fuair an tionscadal tacaíocht mhaoinithe ón Chomhairle Oidhreachta agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin Tionscnamh Bailte Stairiúla. Sa bhreis ar an tacaíocht bhainistíochta a cuireadh ar fáil ó na hoifigigh chaomhnaithe agus oidhreachta sa chontae, Collette Beattie agus an Dr. Joseph Ó Gallchóir, chuir Comhairle Contae Dhún na nGall infheistíocht bhreise ar fáil, agus ba iad na húinéirí aonaracha foirgnimh a d’íoc as an fhuílleach.

 

Tá Ráth Mealtain i measc cúig cinn de Bhailte Oidhreachta ainmnithe i gContae Dhún na nGall agus is iad Dedalus Architecture, gnólacht caomhantais lonnaithe i mBun an Phobail, a d’ullmhaigh Plean Gníomhaíochta Oidhreachta Ráth Mealtain. Rinneadh an plean, trína dtreorófar obair athnuachana ar chreatlach uirbeach atá ligthe i léig, trí bheith ag obair go dlúth le Cumann Seoirseach Ráth Mealtain agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun naisc a chruthú le heolas a sholáthar do chónaitheoirí agus chun tabhairt faoi thionscadail eile atá beartaithe sa phlean.  

 

“Is é atá i gceist le Tionscnamh Bailte Stairiúla Ráth Mealtain, an chéad ghníomhaíocht den phlean oidhreachta atá le cur i bhfeidhm, ná dhá cheann déag d’fhoirgnimh atá gan úsáid nó a bhfuil drochbhail orthu, a athchóiriú, rud a chuirfidh feabhas mór ar chuma agus ar thodhchaí chroílár an bhaile stairiúil, ar chostas íseal”, arsa Duncan McLaren, An Príomh-Ailtire le Dedalus Architecture. “Léiríonn an tionscadal gur féidir caomhnú measartha agus obair athchóirithe a dhéanamh ar scála uirbeach chun dul i ngleic leis an athnuachan ar dhóigh iomchuimsitheach, inbhuanaitheach agus cost-éifeachtúil.  Is dúshlán práinneach do gach baile mór in Éirinn é an t-athchóiriú ar ár n-oidhreacht thógtha, agus is céim shimplí, agus céim riachtanach é, i dtreo úsáid fuinnimh a laghdú, agus gníomh ríthábhachtach chun cuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide.”

 

Ghabh Duncan McLaren buíochas le gach duine as an tacaíocht mhór a fuair siad sa vóta poiblí, agus dúirt sé go raibh lúcháir air go bhfuil an obair athchóirithe leanúnach atá á déanamh i mbaile stairiúil uathúil Ráth Mealtain i ndiaidh an t-aitheantas náisiúnta atá tuillte a fháil anois. Leanann an gradam seo  ardmholadh a fuair an fhoireann chéanna ó Institiúid Pleanála na hÉireann in 2020 as ‘rannpháirtíocht’, i gcomhar leis an phobal áitiúil i Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn, as obair a maoiníodh faoin Tionscnamh Bailte Stairiúla chomh maith. Tá an fhoireann seo, a bhfuil gradaim bainte acu, ag obair go crua anois ar Thionscnamh Bailte Stairiúla i mBéal Átha Seanaidh, atá le bheith curtha i gcrích ag deireadh na bliana seo.   

 

Ag an searmanas gradam de chuid an IRAÉ seo, tugadh ardmholadh fosta do dhá thionscadal de chuid ailtirí atá lonnaithe i Ráth Mealtain, Pasparaskis Friel as teach príobháideach, agus Straitéis Athnuachana agus Plean Gnímh na gCealla Beaga do Chomhairle Contae Dhún na nGall chomh maith. Tá tuilleadh eolais faoi na buaiteoirí ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin Institiúid Ríoga Ailtírí na hÉireann ar www.riai.ie.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO