Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Lá Náisiúnta de chruthaitheacht óige

Lá Náisiúnta de chruthaitheacht óige - An bhfuil togra agat?

National day of youthful creativity image

Lá Náisiúnta de chruthaitheacht óige - An bhfuil togra agat?

 

Beidh Cruinniú na nÓg, lá náisiúnta cruthaitheachta do pháistí agus do dhaoine óga, ar siúl ar an Satharn 11 Meitheamh 2022. Tá sé mar aidhm rannpháirtíocht páistí agus daoine óga a cheiliúradh agus a spreagadh i gcultúr agus i gcruthaitheacht trí ghníomh saor in aisce, bunaithe ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil ina gceantar féin.

 

Trí ghlao oscailte, tá foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag lorg moltaí ó chleachtóirí, ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha a chuirfidh deiseanna ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga rudaí úra á dhéanamh nó a fheiceáil.

 

Arís, tá moltaí a mbailliú i Suirbhé Guth an Pháiste, ó dhaoine óga ar fud an chontae maidir le goidé a ba mhaith leo a dhéanamh ar lá Cruinniú na nÓg i mbliana.

 

Léiriú Spéise - glao oscailte

 

Ar lá Cruinniú na nÓg bíonn an bhéim ar ag déanamh agus ag cruthú. Trí ghlaoch oscailte táimid ag lorg cleachtóirí, ionaid, eagraíochtaí nó grúpaí pobail chun togra a dhéanamh.
Tá muid ag iarraidh iad seo a leanas a spreagadh: chleachtóirí cruthaitheacha in aon mheán nó foirm ealaíne (mar shampla amharclann, damhsa, ceol, ceol, ceoldráma, scannán, sorcas, feidhmíocht, faisean, grianghrafadóireacht, amharcealaíona, na healaíona digiteacha, litríocht agus scéalaíocht, ealaín sráide agus seónna) chun togra a chur isteach. Beidh fáilte roimh tógraí ó chleachtóirí le scileanna traidisiúnta nó daoine eile a bhfuil saineolas acu i réimsí ar nós flóra & fána /bithéagsúlacht, béaloideas, seandálaíocht, oidhreacht thógtha, stair, ailtireacht dhúchasach nó réimsí gaolmhara eile.
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó phobail i ngach ceantar sa chontae ach caithfidh do thogra nó d'imeachtaí tarlú Dé Sathairn 11 Meitheamh 2022. Iarrtar ar iarratasóirí moltaí ó pháistí agus ó dhaoine óga ar fud Dhún na nGall a mheas, atá le fáil ag www.wainefest.ie. Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí poist agus ar líne chomh maith.

Tá Cruinniú na nÓg maoinithe tríd foireann Éire Ildánach, Dún na nGall agus tá áthas orainn a fhógairt gur mhéadaigh an méid iomlán atá ar fáil chun na himeachtaí agus na costais riaracháin go léir a chlúdach go € 30,000. Iarrtar orthu siúd a bheidh ag déanamh moltaí, aighneachtaí réadúla a dhéanamh i dtéarmaí scála agus costais agus leithdháilfear maoiniú ar na himeachtaí is fearr a chomhlíonann cuid cuspóirí Cruinniú na nÓg.

 

Is féidir na foirmeacha togra a íoslódáil ag www.wainfest.ie. Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a chur ar ríomhphost chuig [email protected] roimh an Aoine 4 Márta 2022 ag 12 meán lae.

 

Tá Cruinniú na nÓg ina tionscnamh de chuid an Chláir Éire Ildánach atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin agus tá sé a chur i láthair i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus Údaráis Áitiúla.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO