Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Lúnasa 2022

17-08-2022 – Glao fá choinne Criú Scannáin

Donegal Film Office Short Film Bursary Award 2022 image

 

Tá lúcháir orainn in Oifig Scannán Dhún na nGall, ag Comhairle Contae Dhún na nGall, fáilte a chur roimh Sepia Films ar ais go Dún na nGall agus iad i mbun oibre ar a scannán úr ‘Cry from the Sea’ in Inis Eoghain.

 

Tá an fhoireann ar lorg Daoine faoi Oiliúint agus Iarrthóirí Úra laistigh de 45km de Charn Domhnach do na poist seo a leanas:  

  • Léiriúchán
  • Suíomhanna
  • Cuntais
  • Ceamara
  • Rannóg Ealaíne/Tógáil/Prapaí
  • Feisteas
  • Stiúrthóirí Cúnta
  • Fuaim
  • Gruaig / Smideadh

 

 

Deis iontach í seo do dhaoine áitiúla oilte agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa ghnó seo. Thig le daoine taobh amuigh den 45km cur isteach fosta. Má tá aon taithí agat sna réimsí atá luaite thuas, bheimis buíoch dá gcuirfeá do CV agus litir chlúdaigh chuig [email protected].  Is é an 24 Lúnasa 2022 an dáta deiridh le hiarratais a fháil.

 

Is é seo an dara huair ag Sepia Films ó Cheanada a bheith ag scannánú i nDún na nGall. Rinneadh ‘A Shine of Rainbows’ a scannánú in 2008 agus gheall an Stiúrthóir Vic Sarin go dtiocfadh sé arís!