Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Lúnasa 2022

22-08-2022 – Lá #DúnnanGallAbú ar ais arís

LoveDonegal Day is back

 

Beidh an feachtas móréilimh #DúnnanGallAbú ag pilleadh arís Déardaoin 8 Meán Fómhair 2022, agus é ag tógáil ar an rath a bhí ar na feachtais roimhe seo agus a raibh spéis mhór ag an phobal iontu.  

 

Chonaic breis agus 17 milliún duine ar fud an domhain feachtas na bliana anuraidh agus bhí Dún na nGall ag treochtú ar feadh roinnt laethanta ar na meáin shóisialta éagsúla. Bhain an feachtas Gradaim Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil anuraidh fosta as an ‘Tionscnamh Nuálaíoch is Fearr chun infheistíocht a mhealladh’!  

 

Beidh feachtas na bliana seo ag ceiliúradh ealaíona agus chruthaitheacht Dhún na nGall, agus ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, atá ag eagrú an fheachtais, go nglacfadh gach duine páirt ann agus an grá atá acu do Dhún na nGall a chur in iúl ar dhóigh chruthaitheach, bíodh sin tríd an phéinteáil, líníocht, dealbhóireacht nó amhránaíocht, ceol, damhsa nó aon ealaín de chineál ar bith eile. Tá bhur gcuid iarrachtaí á lorg!  

 

Tá an lá #DúnnanGallAbú á reáchtáil go díreach coicís roimh Cheangal Dhún na nGall, féile trí lá a bheas ar siúl ón 23 go dtí an 25 Meán Fómhair ina ndéanfar ceiliúradh ar na ceangail atá ag Dún na nGall ar fud an domhain.  

 

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Liam Ó Bléine, ag iarraidh ar dhaoine as Dún na nGall, cibé áit a bhfuil siad, páirt a ghlacadh san fheachtas seo, agus dúirt sé: ‘D’iarrfainn ar mhuintir Dhún na nGall, bíodh siad anseo sa bhaile nó thar lear, an dáimh atá acu leis an chontae álainn s’againne a chur in iúl ar an 8 Meán Fómhair, agus a chur in iúl don saol mór an tuige a bhfuil Dún na nGall tábhachtach daofa”.

 

 

“Is é an aidhm atá le feachtas na bliana seo ná daoine a spreagadh chun bheith páirteach go cruthaitheach, ó gach cearn den domhain, agus is deis iontach é fosta le haird a dhíriú ar an mhéid a bheas ar siúl le linn na féile Ceangal Dhún na nGall, ceiliúradh 3 lá a mbeidh Searmanas Gradam Tip Ó Néill Dhiaspóra na hÉireann mar chuid de.   

 

Mhínigh Garry Martin, An Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall, “go dtógann feachtas seo 2022 ar thionscnamh brandála Dhún na nGall, a seoladh in 2021, agus a thaispeánann na deiseanna infheistíochta atá ann agus na buntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí agus ag obair sa chontae seo. Ba mhaith linn go dtiocfadh níos mó daoine ar cuairt, le hinfheistíocht a dhéanamh, nó le socrú síos i nDún na nGall, agus cuirimid in iúl na buntáistí atá againn anseo ó thaobh geilleagar atá ag fás agus caighdeán iontach saoil.

 

 “Bhí lá #DúnnanGallAbú ina ócáid thábhachtach san fhéilire againn le roinnt blianta anuas mar go dtugann sé le chéile gach duine a bhfuil dáimh acu leis an chontae seo agus tugann sé seans dóibh sult a bhaint as Dún na nGall, í a cheiliúradh agus a ngrá a léiriú di. Is féidir linn na rudaí atá speisialta dúinn faoi Dhún na nGall a chur in iúl do theaghlaigh agus do chairde in áiteanna eile ar fud an domhain (mórtheaghlach Dhún na nGall) agus an contae a chur chun cinn, chomh maith lena bhfuil ar fáil anseo, don lucht féachana is leithne agus is féidir ar fud an domhain”.

 

 

Is é is cuspóir le #DúnnanGallAbú 2022 ná Dún na nGall a chur chun cinn i measc an oiread daoine agus is féidir go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus a inse dóibh an tuige gur áit den scoth í Dún na nGall le cónaí ann, le hobair ann, le taisteal ann agus le hinfheistíocht a dhéanamh ann! Tá muid ag moladh do dhaoine, cibé áit a bhfuil tú lonnaithe, páirt a ghlacadh sa lá agus a chur in iúl cad chuige a bhfuil Dún na nGall chomh speisialta agus chomh tábhachtach sin duitse! 

 

Tá sé iontach simplí páirt a ghlacadh ar líne. Níl le déanamh agat ach #DúnnanGallAbú nó #LoveDonegal a úsáid i do chuid postálacha ar na meáin shóisialta (ar fud twitter agus instagram) ar an Déardaoin 8 Meán Fómhair. Is féidir leat muid a thagáil fosta ar Instagram (@Donegal_IrelandsDNA) agus Twitter (Donegal_ie).   

 

Seo roinnt rudaí is féidir a chur ar na meáin shóisialta

 

Cuairteanna agus taisteal i nDún na nGall

 

Na daoine i nDún na nGall

 

An tírdhreach, an cósta, na hoileáin, sainchomharthaí agus radharcra i nDún na nGall.

 

Ceol, Ealaíona, Spórt, Cúrsaí Mara, Cultúr, Bia.

 

Gnólachtaí áitiúla lonnaithe i nDún na nGall, ag obair go cianda, agus an Feachtas um Saoire Oibre.

 

An Ghaeltacht agus an Ghaeilge.

 

Tugann #DúnnanGallAbú deis dúinn Dún na nGall, agus na rudaí iontacha atá ar fáil anseo, a chur in iúl don líon is mó daoine agus is féidir, agus tá ról iontach tábhachtach ag Diaspóra Dhún na nGall san obair seo. Ar na príomhchuspóirí atá leis an fheachtas seo ba mhaith linn an scéal a scaipeadh faoi na deiseanna agus faoin chaighdeán saoil atá ar fáil i nDún na nGall.    Ag deireadh na dála, ba mhaith leis an lucht eagraithe go dtiocfadh níos mó daoine anseo ar cuairt, le hinfheistíocht a dhéanamh agus le socrú síos anseo, agus le blaiseadh a fháil den chaighdeán iontach saoil atá ar fáil anseo.

 

Mar eolas breise, beidh sonraí amuigh go luath maidir le comórtas #DúnnanGallAbú. Coinnigh súil ar Donegal.ie/LoveDonegal le haghaidh tuilleadh eolais.