Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Mol Digiteach gteic oscailte i gCarraig Airt

25-07-2022 – Mol Digiteach Charraig Airt gteic@Carraig Airt oscailte go hoifigiúil

Minister for Rural & Community Development Heather Humphries T.D cutting the ribbon at the new Carrigart Digital Hub gteic@Carraig Airt.

 

Fosclaíodh go hoifigiúil mol úr digiteach gteic@Caraig Airt Déardaoin 21 Iúil ar an tSráid Mhór i gcroílár Charraig Airt, agus é ag tairiscint ocht gcinn déag de spásanna deisce san fhoirgneamh úr athchóirithe a bhfuil 1,800 troigh chearnach ann.

 

 Ba í an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D. a rinne an oscailt oifigiúil i láthair Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall An Clr. Liam Bléine agus i láthair Mhéara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Baile na nGallóglach, an Clr. Dónal Mandy Kelly.

 

I measc na n-aíonna eile a bhí i láthair bhí an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue TD, Joe McHugh TD, agus na Comhairleoirí áitiúla Ciarán Brogan, Dónal Mac Giolla Chomhaill, Michael McBride, Kevin Bradley, Barry Sweeney, Johnny McGuinness agus ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, a raibh ina measc Cathaoirleach an Bhoird Anna Ní Ghallachair agus Príomhfheidhmeannach Mícheál Ó hÉanaigh.  

 

Agus é ag caint ag an seoladh thug Cathaoirleach na Comhairle, an Clr Liam Bléine, aitheantas don tacaíocht a fhaigheann Comhairle Contae Dhún na nGall ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, go háirithe ón scéim athnuachana bailte agus sráidbhailte trínar tugadh €230,000 don mhol digiteach i gCarraig Airt.  

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle John G McLaughlin go dtugann an fhorbairt seo deis iontach do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair sa phobal áitiúil a bheith ag obair go cianda agus tacú leis an gheilleagar áitiúil.  

 

 

Official Opening of Carrigart Digital Hub gteic@Carraig Airt

 

Tá gteic@Carraig Airt mar chuid de bhranda de mhoil dhigiteacha sa Ghaeltacht, agus tá cómhaoiniú faighte ag an ionad ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chomh maith le ranníocaíocht chaipitil ó Údarás na Gaeltachta.

 

Is mian le Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuarthas ó choistí pobail, ina measc Míobhaigh Chun Cinn (Moving Meevagh Forward) a tháinig aníos leis an smaointiú ar dtús agus a chuir isteach ar an mhaoiniú i dtús ama leis an tionscadal a bhogadh chun cinn. Ba mhaith leis an Chomhairle aitheantas a thabhairt don obair fosta a rinne an fhoireann dearaidh MH Associates agus an conraitheoir Joe Mc Menamin & Co.

 

Tá freagracht as an áis a bhainistiú tugtha do Chomhlacht Forbartha an Tearmainn, a bhfuil taithí acu ar mhol digiteach a bhainistiú in An Craoibhín.  

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoin áis nó le spás a chur in áirithe déan teagmháil le: [email protected] nó cuir scairt ar Mary Doherty ar (074) 91 19988.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO