D’fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall inniu gurb iad na Mooneys a bheas mar phríomh-aíonna ag Féile Gailf Dhún na nGall ar an 19 Lúnasa sa pháirc CLG i gceantar álainn na nDúnaibh.
Tá an fhéile seo á hóstáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Chomórtas Laochra Gailf na hÉireann agus i gcomhpháirt le Fondúireacht Mhic Fhionnlaoich ar an 19-20 Lúnasa.
Is banna pobalcheoil iad na Mooneys as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, a bunaíodh in 2013. Is iad baill an bhanna Mairéad Ní Mhaonaigh agus a cuid siblíní Anna agus Gearóid, chomh maith le nia de chuid Mhairéad, Ciarán Ó Maonaigh.
Tá clú agus cáil ar ainm Mhairéad i measc lucht leanta cheol na hÉireann mar cheoltóir ceannasach le hAltán, agus is minic a thugtar ‘Banríon an Cheoil Thraidisiúnta’ uirthi. Nuair a luaitear a hainm spreagtar bród agus grá ionainn don cheol Gaelach. Ní haon iontas é go bhfuil clú ar na Mooneys go bhfuil siad ar cheann de na teaghlaigh is mó tallann cheoil in Éirinn.
I gcomhar leis na Mooneys ar an ardán beidh Caitlín Nic Gabhann, Nia Ní Bheirn, agus Manus Lunny. Beidh ceol tacaíochta ann ar an oíche ón cheoltóir Conallach Declan Mc Clafferty.
Agus é ag labhairt faoin fhéile, dúirt an Clr. Liam Blaney, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá lúcháir orm go mbeidh sult agus spraoi againn ag Féile seo an Ghailf i nDún na nGall i mí Lúnasa, agus tá muid iontach bródúil go mbeidh idir cheoltóirí fadbhunaithe agus cheoltóirí úra ar an ardán seo lena gcuid tallainne a chur ar taispeáint. Tá imeachtaí mar seo iontach tábhachtach don gheilleagar áitiúil anseo agus chun borradh a chur faoin turasóireacht i nDún na nGall. I gcomhar le Laochra Éireann, á chur i láthair ag Fondúireacht Mhic Fhionnlaoich i Machaire Loiscthe, cruthóidh an fhéile seo cúiseanna úra spreagúla do dhaoine chun teacht ar cuairt go Dún na nGall.”
Tá an ócáid saor in aisce, agus eiseofar ticéidí Dé Luain 25 Iúil, agus is gá ticéidí a chur in áirithe roimh ré ar
www.govisitdonegal.com