Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Nathan Carter le bheith ag Féile Ghailf Dhún na nG

27-06-22 Nathan Carter mar Phríomh-Aoi ag Féile Ghailf Dhún na nGall sna Dúnaibh an samhradh seo

 Nathan Carter

 

 

Beidh Nathan Carter mar Phríomh-Aoi ag Féile Ghailf Dhún na nGall sna Dúnaibh le linn an tsamhraidh seo.

 

Tá sé fógraithe go mbeidh Nathan Carter, an réalta is gile sa Cheol Tíre, mar Phríomh-Aoi ag Féile Ghailf Dhún na nGall a bheas ar siúl Dé Sathairn 20 Lúnasa sna Dúnaibh.

 

Tá an Fhéile seo á hóstáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mhór-Chomórtas Laochra Gailf na hÉireann agus i gcomhpháirt le Fondúireacht Mhig Fhionnlaoich ag Páirc CLG na nDúnaibh ar an 19-20 Lúnasa.

 

Beidh Nathan, agus an banna ceoil de sheisear atá aige, ag seinm meascán de cheol tuaithe, ceol na hÉireann, popcheol agus bailéid – ceol do dhaoine d’achan aois.  

 

Dúirt an Clr. Jack Murray, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá lúcháir orm a fhógairt go mbeidh Nathan Carter ag dul ar ardán mar Phríomh-Aoi ag Féile Ghailf Dhún na nGall. Níl aon amhras ach go bhfuil Nathan ar an cheoltóir tuaithe is mó clú agus cáil in Éirinn agus tá muid ag súil lena fheiceáil i mbun a cheirde i mbliana.

 

“Tá an fhéile seo ar siúl ag an am céanna leis na Laochra Gailf atá á chur ar fáil ag Fondúireacht Mhig Fhionnlaoich agus tá muid ag dréim le slua mór daoine agus tá muid ag obair le gnólachtaí áitiúla maidir leis na deiseanna a thabharfaidh an fhéile chuig an gheilleagar áitiúil.”

 

Beidh aoi mór le rá eile ag an Fhéile oíche Dé hAoine, chomh maith le meascán de thallann úr a bheas ag tacú leis na príomh-aíonna seo, agus fógrófar tuilleadh faoi seo sna seachtainí amach romhainn.

 

Beidh deireadh seachtaine den scoth ann le linn na féile seo, agus an tallann is fearr, idir áitiúil agus náisiúnta, ar taispeáint, chomh maith le bia agus deochanna den scoth sa cheantar thart fá Mhachaire Loiscthe.

 

Tá ticéid saor in aisce ach is gá áirithint a dhéanamh, agus iad teoranta do dhá thicéad ag an aon am amháin. Osclófar na háirithintí Dé hAoine 29 Iúil ar shuíomh idirlín govisitdonegal.com.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO