Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Páirc Swan athoscailte i mBun Cranncha

26-07-2022 – Páirc Swan athoscailte go hoifigiúil i mBun Cranncha

Minister for Rural and Community Development Heather Humphreys TD pictured at the official re-opening of Swan Park, Buncrana together with political representatives, community groups, local contractors and designers and staff from Donegal County Council

 

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, i gcomhluadar Liam Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Páirc Swan a athoscailt go hoifigiúil Déardaoin seo caite i mBun Cranncha. Fuair an pháirc beannacht éacúiméineach fosta ó ionadaithe ó na heaglaisí áitiúla, ar lá mór do Bhun Cranncha agus d’Inis Eoghain i gcoitinne. Bhí slua mór i láthair ar an lá, a raibh ina measc ionadaithe áitiúla polaitiúla, coistí pobail, conraitheoirí áitiúla agus dearthóirí chomh maith le baill foirne ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Rinneadh dochar suntasach do Pháirc Swan le linn na dtuilte millteanacha a tharla in Inis Eoghain i mí Lúnasa 2017. I mí na Samhna 2018, bronnadh €1.7m, tríd an Chiste Athnuachana Tuaithe i gcomhar le có-mhaoiniú €500,000 ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar an tionscadal leis an pháirc a athfhorbairt. Rinne grúpa stiúrtha maoirseacht ar an athfhorbairt, grúpa ar a raibh go leor páirtithe leasmhara go háitiúil amhail Coiste Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha agus Cumann Slatiascairí Bhun Cranncha a d’oibrigh go dlúth i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall. Chuidigh Cumann Staire Iarthar Inis Eoghain, Nasc Ealaíne, Inis Eoghain Fiáin, agus Daltaí Idirbhliana ó Scoil Mhuire agus ó Choláiste Cranncha sa bhaile mhór leis an tionscadal seo, a raibh an Chomhairle i gceannas air ach an pobal á thiomáint.  

 

I measc na foirne deartha don pháirc bhí ailtirí áitiúla, innealtóirí agus suirbhéirí a rinne a seacht ndícheall ag obair leis an ghrúpa stiúrtha lena chinntiú go mbeadh an pháirc inrochtana ag daoine ar gach cumas. Tá roinnt seastán iascaireachta curtha ar fáil do dhaoine a úsáideann cathaoireacha rotha agus tá gnéithe eile curtha isteach san áis do dhaoine a bhféadfadh lagú radhairc a bheith orthu. Tá limistéar breise 3.5 heicteár curtha leis an pháirc athfhorbartha fosta, rud a fhágann go bhfuil deiseanna breise ann an pháirc a úsáid le haghaidh réimse leathan éagsúil d’imeachtaí pobail.  Is iad foirne páirceanna agus bóithre Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhí i gceannas ar na hoibreacha, le tacaíocht ó réimse leathan conraitheoirí áitiúla.

 

Tá Páirc Swan ainmnithe i ndiaidh Harry Percival Swan a rugadh i mBun Cranncha in 1879. Duine de bhunaitheoirí Chumann Staire Chontae Dhún na nGall é Harry, agus fear a chuir an stair áitiúil chun cinn go mór. Údar flúirseach a bhí ann a d’fhoilsigh a chéad leabhar ‘The Book of Inisowen’ in 1938, agus tháinig naoi gcinn d’fhoilseacháin eile ina dhiaidh sin, amhail “Twixt Foyle and Swilly” agus “Romantic Inishowen”.  Tá dealbh de Harry Swan curtha in airde sa pháirc i gcuimhne air agus mar aitheantas ar an mhéid a rinne sé ar son Bhun Cranncha, Inis Eoghain agus Dhún na nGall.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO