(leagan Gaeilge den íomhá seo ar na bacáin)
Cúis áthais do Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith ag seoladh feachtas timpeallachta ar aidhm leis feasacht agus eolas a mhéadú i measc lucht laetha saoire agus cuairteoirí chuig an chontae. Is obair chomhpháirtíochta í seo idir Rannóg Timpeallachta agus Rannóg Turasóireachta na Comhairle, a tchífidh an feachtas poiblíochta i bhfeidhm idir seo agus deireadh an tsamhraidh ar ardáin mheáin shóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus GoVisitDonegal.
Féachann an togra le heolas a scaipeadh faoi na háiseanna um bainistiú bruscair atá ar fáil i nDún na nGall, agus le heolas cruinn oideachasúil a chur ar fáil leis an taisteal inbhuanaithe a spreagadh sa chontae. Beidh gnólachtaí áitiúla páirteach sa togra, a fhéachann le dul i bhfeidhm ar dhaoine ar laetha saoire, ar líne agus aghaidh ar aghaidh.
Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla i dtaca le gníomhú aeráide ag an leibhéal áitiúil agus ní haon eisceacht é Dún na nGall. Agus níl anseo ach ceann amháin den chuid mhór gníomhaíochtaí a dhéanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall de bharr ár gcoimitmint don ghníomhú aeráide.