Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Stoirmeacha Rudley agus Eunice

15-02-22 Rabhaidh Aimsire roimh Stoirm Dudley agus Stoirm Eunice

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal a bheith faichilleach sna laethanta amach romhainn, i bhfianaise na rabhadh aimsire atá eisithe ag Met Éireann.

 

Dé Céadaoin, tabharfaidh Stoirm Dudley isteach gaotha láidre go dtí tuaisceart agus iarthar na hÉireann, agus ansin Dé hAoine táthar ag tuar go dtabharfaidh Stoirm Eunice gaotha níos leithne, níos láidre agus níos dochraí ar fud na hÉireann, chomh maith le fearthainn throm agus b’fhéidir sneachta.

 

Tá rabhaidh ghaoithe Bhuí don tír ar fad eisithe ag Met Éireann don Chéadaoin nuair a thabharfaidh Stoirm Dudley isteach seideáin ghaoithe idir 80/110kmh. Tá rabhadh gaoithe Oráiste i bhfeidhm do Dhún na nGall amárach, agus táthar ag dréim go dtabharfaidh Stoirm Dudley léi seideáin ghaoithe dhochracha thart fá 130kmh ar feadh cóstaí oscailte.

 

Táthar ag dréim le coinníollacha contúirteacha amuigh san fharraige fosta mar a mbeidh gaotha láidre agus taoidí arda ag cruthú tonnta móra cósta agus tuilte cósta. Tá rabhadh oráiste mara i bhfeidhm mar go bhféadfadh gaotha aniar suas le fórsa stoirme 10 a bheith ann ar uiscí cósta in Éirinn ó Cheann Ros Eoghain go Cnoc Fola go dtí An Bhinn Mhór.  

 

Is féidir go mbeidh tuilte tobanna i gceantracha ar leith i gcodanna den Iarthuaiseart, den Iarthar agus den Iardheisceart amárach, de bharr an méid fearthainne atá tuartha agus tailte ar maos in uisce. Iarrtar ar thiománaithe a bheith níos faichillí agus iad ag tiomáint.  

 

Tá Foireann Mheasta Droch-Aimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall ag coinneáil súil ar na patrúin aimsire atá chugainn agus leanfaidh siad orthu ag déanamh monatóireacht ar na coinníollacha áitiúla uilig de réir mar a ghluaiseann Stoirm Dudley agus Stoirm Eunice fríd an chontae. Tá gach seirbhís de chuid na Comhairle ullamh chun dul i ngleic le dúshláin, mar is iondúil.  

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall le linn gnáthuaireanta oibre ar 074 91 53900, agus i gcás éigeandála taobh amuigh d’uaireanta oibre is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar 074 91 72288. Fá choinne éigeandálaí ina bhfuil gá leis an tSeirbhís Dóiteáin, cuir scairt ar 999 nó ar 112.

 

Thig leat coinneáil suas le cúrsaí aimsire trí chlárú le haghaidh fógraí saor in aisce chuig do ghuthán ar  www.mapalerter.com/donegal nó trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO