Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Suirbhé maidir le Bruscar Tí a Bhainistiú

29-07-2022 – Suirbhé ar an Bhruscar Tí a Bhainistiú

 

Le linn mhí Lúnasa i mbliana beifear ag dul thart ar na doirse i Leitir Ceanainn, Bun Cranncha, Bealach Féich, Baile Dhún na nGall agus na Gleannta agus tabharfar deis do dhaoine páirt a ghlacadh i suirbhé chun eolas a bhailiú faoi na nósanna agus tuairimí atá acu faoin athchúrsáil agus faoi bhainistiú bruscair agus dramhaíola.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag dul i gcomhpháirtíocht le VOICE Ireland, carthanas comhshaoil, a bheas ag dul ó dhoras go doras lena fháil amach cad é mar a dhéanann muintir na condae seo a gcuid bruscair agus dramhaíola a bhainistiú, agus tabharfar bileog eolais do gach teaghlach agus líon tí, treoir phóca lán d’eolas úsáideach faoin dóigh le bruscar agus dramhaíl tí a bhainistiú agus a athchúrsáil agus noda úsáideacha ar conas airgead a shábháil trí chur amú bia a sheachaint.

 

Tá an togra seo á mhaoiniú tríd an tionscnamh frithdhumpála (TFD) a mholann cur chuige ilghnéitheach chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le dumpáil mhídhleathach agus a ghlacann san áireamh an forfheidhmiúchán, feasacht an phobail agus oideachas. D’éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall beagnach céad míle agus tríocha míle euro de mhaoiniú a fháil ón TFD i mbliana chun réimse tograí a chur ar fáil ar fud na condae, a bhfuil ina measc acmhainní chun tacú le coistí pobail, glantacháin, táillí níos ísle ó am go chéile le haghaidh earraí troma ag ionaid athchúrsála, togra athúsáide péinte, trealamh faireachais, chomh maith leis an togra bruscar tí.

  

Gach duine a gheobhaidh an deis, ba mhaith linn go nglacfadh sibh páirt sa suirbhé, agus go n-oibreoidh muid uilig le chéile le tionchar a imirt ar an bhainistiú inbhuanaithe dramhaíola i nDún na nGall san am atá amach romhainn.

 

Ta an togra á mhaoiniú ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáidí agus tá sé á comhordú tríd na Príomh-Údaráis Réigiúnacha Forfheidhmiúcháin Dramhaíola (PÚRFD).

 

I mbliana, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag dul i gcompháirt le VOICE Éireann chun togra idirghníomhach TFD a chur i bhfeidhm ina mbeidh teaghlaigh agus líonta tí ó ar fud na condae páirteach.

 

Is carthanas comhshaoil Éireannach é VOICE Éireann atá bunaithe ar bhallraíocht, agus cumasaíonn sé daoine aonair agus pobail áitiúla chun gníomh dearfach a dhéanamh lenár n-acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO