Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Tionscadal trasteorann um léarscáiliú tallainne

06-07-2022 – Tionscadal trasteorann um léarscáiliú tallainne chun tacú le gnó agus cruthú fostaíochta ar fud an Iarthuaiscirt

Cross border talent mapping project aimed at supporting business and driving job creation across NW

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i ndiaidh teacht le chéile chun tionscadal úr trasteorann a sheoladh a dhéanfaidh scileanna a léarscáiliú chun cuidiú le riachtanais tallainne atá ag gnólachtaí áitiúla a aithint, chun cruthú fostaíochta a thiomáint agus chun infheistíocht a spreagadh ar fud Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.

 

Is é is cuspóir leis an tionscdal, dar teideal ‘Réitigh Thallainne do Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt’, ná a bheith ag obair i gcomhar le fostóirí ar fud an réigiúin chun riachtanais scileanna a aithint agus le cur ar a súile don phobal i gcoitinne cén dóigh ar féidir leo a gcuid saineolais a léarscáiliú leis an fhlúirse tallainne agus taithí atá ar marthain in Iarthuaisceart na hÉireann a chur ar taispeáint.

 

Táthar ag iarraidh ar ghnólachtaí agus ar fhostóirí suirbhéanna scileanna ar líne a líonadh isteach chun cuidiú leis na scileanna atá ann cheana féin sa réigiún a léarscáiliú, agus chun na riachtanais scileanna a bheas de dhíth ar fhostóirí san am amach romhainn a aithint.  

 

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin an tionscnamh a sheoladh go hoifigiúil an tseachtain seo agus labhair siad faoi na buntáistí a bhaineann le comhoibriú trasteorann chun tacú le gnólachtaí áitiúla, infheistíocht a thiomáint agus cruthú fostaíochta a éascú i nDún na nGall, Doire agus An Srath Bán.

 

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Blaney, muiníneach go gcuirfidh an tionscadal seo Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt chun cinn le haghaidh infheistíochta, cruthú fostaíochta agus deiseanna forbartha scileanna.

 

Dúirt sé: ‘is iad na daoine, lena gcuid scileanna agus taithí, an acmhainn is mó atá againn agus is gá dúinn an oiread agus is féidir linn a dhéanamh leis an eolas seo a bhailiú agus a ghabháil, agus é a úsáid chun gnó úr agus infheistíocht úr a mhealladh, deiseanna úra fostaíochta a chruthú, agus fás eacnamúil a spreagadh. D’fhéadfadh an tionscadal seo léarscáiliú fíor-ama a sholáthar dúinn de na scileanna agus den tallann atá ann, rud a ligfidh dúinn cnuasaigh scileanna agus bearnaí scileanna a aithint, chomh maith le riachtanais scileanna a bheas ag ár gcuid fostóirí don am atá romhainn a aithint. Tá luach breise leis seo a dhéanamh ar bhonn comhoibritheach agus trasteorann, sa mhéid is go gcuideoidh sé linn seasamh amach i súile lucht infheistíochta agus fostaíochta’.

Tá lúcháir ar Mhéara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Sandra Duffy, a bheith bainteach leis an tionscadal fosta.

 

Dúirt sise: ‘Is tionscadal den chéad scoth é seo, agus tá lúcháir orm a bheith ag obair i gcomhpháirt lenár gcomharsana i nDún na nGall ar a leithéid de thionscnamh nuálach agus fiúntach. Ó thaobh infheistíochta agus forbairt scileanna de, is fearr i bhfad an cur chuige comhpháirtíochta trasteorann seo leis an réigiún, agus lena fhórsa oibre ardléannta agus sároilte, a chur chun cinn. Ní hamháin go rachaidh an tionscadal seo go mór chun sochair d’fhostóirí áitiúla agus d’infheisteoirí úra ach cuideoidh sé fosta le daoine atá ar lorg oibre agus leo siúd atá ina gcónaí agus ag obair san Iarthuaisceart agus ar spéis leo amharc ar dheiseanna úra fostaíochta agus scileanna forbartha’.   

 

Agus í ag iarraidh ar ghnólachtaí agus ar fhostaithe clárú agus na suirbhéanna scileanna éagsúla ar líne a líonadh isteach, dúirt Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘cuideoidh na sonraí a bhaileofar go mór linn chun na scileanna atá ann cheana féin sa réigiún a aithint, chomh maith le scileanna a bheas de dhíth ar fhostóirí don am atá romhainn a aithint. Cuirfidh na sonraí seo bonn eolais faoi fhorbairtí polasaí amach anseo trína spreagfar fás eacnamaíochta. Tá muid ag iarraidh ar gach duine a bheith páirteach trí chlárú agus a gcuid scileanna a chur san áireamh’. 

 

Is tionscadal trasteorann é Tionscadal Réitigh Thallainne Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt, a fhaigheann tacaíocht ó Chistí Forbraíochta an Iarthuaiscirt agus atá á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.

 

Tá an tionscadal á chur i bhfeidhm le chéile ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, i gcomhpháirt le Abodoo – agus bord formhaoirseachta ann ar a bhfuil ATU, Ollscoil Uladh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, Invest NI, IDA, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, agus Fóram Scileanna Réigiúnacha an Iarthuaiscirt.

  

Tá an t-ardán léarscáilithe uilíoch do scileanna curtha le chéile ag na páirtnéirí tionscadail Abodoo, ag úsáid a gcuid teicneolaíochta nuálaí ‘Geonostics’. Trí eolas fíor-ama a bheith againn maidir le scileanna, is féidir cnuasaigh scileanna agus bearnaí scileanna a aithint chun cuidiú leis an dá húdarás áitiúil na cinnithe cuí a dhéanamh chun freastal ar riachtanais tionsclaíochta, oideachais agus daoine.   

 

Cliceáil anseo le clárú - https://irelandnw.com/talentmap/

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO