Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Bonn Óir don Aura

Bonn Óir don Aura arís ag na Gradaim Náisiúnta

Aura Gold Award

 

Ag ócáid bhronnta na nGradam Bliantúla Sláinte Cheirde agus Sábháilteachta 2019 bhí (ó chlé) Harry Galvin, Uachtarán ar Eagraíocht Náisiúnta Shábháilteacht na hÉireann, Gerard Morgan, Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta an Ghrúpa Aura Holohan, Sharon McGuiness, Príomhfheidmeannach an t-Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, John Thompson, Cathaoirleach Grúpa Sábháilteachta Thuaisceart Éireann. Bhí an ócáid ar siúl in Óstán Galmont, Co. na Gaillimhe agus is í seo an 28ú bliain de na Gradaim Shláinte agus Shábháilteachta a bheith ar siúl.

 

Is é an Grúpa Fóillíochta Aura Holohan, an soláthar fóillíochta is mó in Éirinn. Tá ionaid fóillíochta acu ar fud na tíre, Ionad Fóillíochta an Aura i Leitir Ceanainn ina measc. D’éirigh le Fóillíocht Aura dhá ghradam a bhaint ag Gradaim Náisiúnta Shábháilteachta 2019, ceann sa rannóg ‘Spórt agus Fóillíocht’ agus gradam don dul chun cinn seasmhach atá á dhéanamh acu.

 

Feidhmíonn an grúpa i mbainistíocht áiseanna spóirt agus fóillíochta, ailtireacht, bainistíocht imeachtaí agus comhairleachta. Tá 10 n-ionad Fóillíochta Aura ar fud na tíre acu, 3 Chlub Am Ar Bith Folláine i mBaile Átha Cliath, 1 Institiúid Teicneolaíochta Spóirt i nDún Dealgan agus Oifig Thacaíochta agus Comhairleoirí Fóillíochta Holohan i mBaile Átha Cliath. Is iomaí gradam a bronnadh orthu de bharr Ionchuimsiú Míchumais, Sláinte agus Sábháilteacht, Bainistíocht Chomhshaoil agus Córais Cháilíochta.

 

Is Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta an ghrúpa é Gerard Morgan atá lonnaithe in Ionad Fóillíochta an Aura ina bhaile féin san Uaimh. Ba é a bhí ina cheann feadhna ar an Aura agus is cinnte nach mbeadh an rath céanna ar Aura ach gurb é. Déanann Gerard comhordú ar  chultúr sábháilteachta na heagraíochta le tacaíocht ó fhoireann Bhainisteoirí Feidhmíochta agus ionadaithe sábháilteachta atá ag feidhmiú sna háiseanna Aura uilig. Is í seo an dara bliain as a chéile do na gradaim ‘Spórt agus Fóillíocht’ agus dul chun cinn seasmhach a bheith bronnta ar an ghrúpa.

 

Dúirt Cathaoirleach an ghrúpa, Gar Holohan: “Ní bhéarfaidh muid ardtosaíocht do rud ar bith eile seachas sábháilteacht ár gcustaiméirí agus ár bhfoirne. Tá lúcháir an domhain orainn gur bronnadh an gradam mór le rá seo orainn mar aitheantas dár n-infheistíocht agus tiomantas leanúnach i dtaca le hoiliúint shábháilteachta a chur ar fáil dár bhfoireann”.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO