Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Cuairteoirí ó Rudolstadt

Toscaireacht mhór ó Rudolstadt le cuairt a thabhairt ar Leitir Ceanainn

Rudolstadt

Rudolstadt sa Ghearmáin atá nasctha le Leitir Ceanainn

 

Tabharfaidh 51 toscaireacht ó bhaile Rudolstadt sa Ghearmáin cuairt ar Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo chun comóradh a dhéanamh ar an Chomhaontú  Nasctha atá idir an dá bhaile. Tá sé bliain ó síníodh an cháipéis oifigiúil.

 

Creideann Méara Leitir Ceanainn an Comhairleoir John O’ Donnell, a chuirfidh fáilte roimh an toscaireacht ag ócáid speisialta in Óstán an Radisson oíche Aoine, go bhfiuil dul chun cinn iontach déanta le bliain anuas trí naisc láidre a chruthú lena bpáirtithe i Rudostadt agus tá sé ag súil go mór le fáilte a chur rompu ar ais go Leitir Ceanainn agus go Dún na nGall tráthnóna Dé hAoine.

 

 

“Bhí sé de rún againn ón tús daoine óga as an dá bhaile a mhealladh le bheith páirteach sa togra agus tá mé thar a bheith sásta maidir leis an dul chun cinn atá déanta. Tá líon daoine óga ar cuairt againn mar chuid den toscaireacht seo agus beidh imeacht á reáchtáil do scoláirí agus daoine óga maidin Dé Luain sa Co-Lab. Gheobhaidh siad deis cairdis a chruthú agus foghlaim faoi phobal a chéile agus tá mé ag súil go leagfaidh seo an bhunchloch do chlár malartaithe do dhaoine óga amach anseo.”

 

Beidh deis ag an toscaireacht páirt a ghlacadh i roinnt de na tograí atá mar chuid de Nasc Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo, ina measc beidh turas bus timpeall Bhá Dhún na nGall. Bhéarfaidh na toscairí cuairt ar Hataí Hanna agus Magees i mBaile Dhún na nGall, feicfidh siad na haillte is mó san Eoraip ag Sliabh Liag agus bhéarfaidh siad cuairt ar An Chláchán i nGleann Cholm Cille.

 

Tabharfaidh an grúpa cuairt ar an Chraoslach agus Dún Fionnachaidh Dé Domhnaigh sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Ráth Mealtain, áit a mbeidh seisiún snagcheoil ar siúl.

 

Thug toscaireacht ó Leitir Ceanainn cuairt ar Rudolstadt i mí Márta na bliana seo agus tá súil ag Príomhfheidhmeanach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Seamus Neely go mbainfidh an toscaireacht sult agus tairbhe as an turas seo agus go dtuigfidh siad méid agus éagsúlacht an chontae ach go mbeidh siad ag cruthú naisc láidre fiúntacha le Leitir Ceanainn ag an am céanna.

 

Mar pháirt den turas, déanfar plé ar dheiseanna le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar naisc thráchtála agus ar an nóta sin, tabharfaidh an toscaireacht cuairt ar roinnt gnólachtaí Dé Luain. Ina measc beidh Grúdaireacht Kinneagar ag K2 i Leitir Ceanainn. Bhéarfaidh siad cuairt ar Mhúsaem Chontae Dhún na nGall tráthnóna Dé Luain.

 

Cuirfear deireadh leis an turas maidin Dé Máirt i ndiaidh do thoscairí cruinniú foirmeálta a bheith acu le baill de Chomhairle Contae Dhún na nGall agus gnólachtaí curtha i láthair ag Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO