Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Feabhsúcháin ar Chóireáil Uisce

Obair athchóirithe ar Ionaid Chóireála Uisce ar fud Dhún na nGall

Irish Water Taps

 

Tá measúnuithe, obair athchóirithe agus córais dhífhabhtaithe caighdeánaithe curtha i gcrích in Ionaid Choireála Uisce ar fud an chontae ag Uisce Éireann i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall. Tá seo mar pháirt dá gClár Náisiúnta Dífhabhtaithe.

 

Ba iad Veolia Teo, a bhí ag obair ar son Uisce Éireann, a thug faoin togra. Mar thoradh ar a gcuid oibre, tá obair athchóirithe déanta ar 15 ionad i gContae Dhún na nGall, chun a chinntiú go gcloítear le rialacha maidir le huisce óil. Cinntíonn na feabhsúcháin seasmhacht an tsoláthair uisce chomh maith le deiseanna forbartha a chruthú do ghnólachtaí fosta.

 

Mar pháirt den togra, tá obair athchóirithe curtha i gcrích in ionaid chóireála uisce, soláthairtí uisce poiblí agus stáisiúin chaidéalúcháin ag láithreacha éagsúla ar nós Oileán Árainn Mhór, Bun Cranncha (Slavery), Bun Cranncha Uirbeach (Loch Meilbhe), Carn Domhnach, Carraig Airt- Na Dúnaibh, Creamhghort, Dún na nGall (An Iascaigh), Seanach (Fánaid Thoir), Tulaigh Chonaill, Na Frosa-Inbhear, Inis Eoghain Thoir (Carraig Mhic Uidhilín) Inis Eoghain Thiar (Meendoran), Loch Moirne, Baile na nGallóglach agus Paiteagó.

 

Rinneadh measúnuithe ar chaighdeán agus feidhmiú na soláthairtí uisce poiblí ag láithreacha ar fud an chontae sa dóigh is go mbeadh a fhios acu, na leasuithe a bhí le déanamh. Ó shin ar aghaidh, rinneadh athchóiriú ar an chóireáil bhonneagar, monatóireacht ar chórais ionstraimíochta, srianadh, teiliméadracht agus próisis uathoibrithe.

 

Rinneadh an obair seo mar chuid de Chlár Náisiúnta Dífhabhtaithe Uisce Éireann. Beidh €65 milliún á infheistiú go náisiúnta le hathchóiriú agus meastóireacht a dhéanamh ar chórais dífhabhtaithe uisce in ionaid agus i stáisiúin chaidéalúcháin ar fud na tíre.

 

‘Tá lúcháir ar Uisce Éireann go bhfuil an obair athchóirithe seo curtha i gcrích acu. Ciallaíonn sé go bhfuil feabhas tagtha ar shábháilteacht an tsolathair uisce don phobal agus do ghnólachtaí i nDún na nGall’ a dúirt Mairtin Temple, Ceannasaí réigiúnach an Chláir Náisiúnta Dífhabhtaithe.

 

‘Tabharfaidh na feabhsúcháin atá déanta ar phróisis choireála uisce cosaint don solathar uisce sna ceantair seo, ag cosaint sláinte na bpobal áitiúil agus ag cothú fobairt eacnamaíochta agus sóisialta iontu.

 

‘Tá Uisce Éireann ag dul i ngleic le méid an dúshláin le cóireáil uisce a fheabhsú go náisiúnta, mar atá le feiceáil anseo i nDún na Gall, áit a rinneadh obair ar 15 ionad. Tá feabhas tagtha ar chaighdeáin na cóireála uisce ag na hionaid seo chun cinntiú go gcloínn siad le rialacha maidir le Cáilíocht Uisce Óil.’

 

‘Má tá ceisteanna ar bith eile ag custaiméirí faoin togra seo, is féidir leo scairt a chur ar Uisce Éireann ag 1850 278 278’ a dúirt Mairtin.

Téigh chuig suíomh an Chláir Náisiúnta Dífhabhtaithe le tuilleadh eolais a fháil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO