Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Féile na gCruach Gorm

In am d’Fhéile Bhá Dhún na nGall agus na gCruach Gorm

DBBSF

 

Cuirfear tús le Féile Bhá Dhún na nGall agus na gCruach Gorm an deireadh seachtaine seo. Déanfar ceiliúradh 10 lá ar na healaíona i nDeisceart agus in Iardheisceart Dhún na nGall. Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach idir cheol, drámaíocht, imeachtaí litríochta  agus thaispeántais.Tá an fhéile ar bun le naoi mbliana déag anois agus  is cinnte go bhfuil féile spreagúil agus siamsúil geallta arís i mbliana.

 

Beidh an fhéile á reáchtáil ón Déardaoin 26ú Meán Fómhair go dtí’n Domhnach 6ú Deireadh Fómhair. Deir Traolach Ó Fionnáin Oifigeach Ealaíon le Comhairle Contae Dhún na nGall, go “dtabharfaidh an fhéile tacaíocht arís eile d’ealaíontóirí, go meallfar pobail i nDeisceart agus in Iardheiscert Dhún na nGall agus go bhfuil said lánsásta a bheith mar pháirt den tionscnamh Nasc Dhún na nGall, togra ina bhfuil 10 lá d’imeachtaí speisialta beartaithe do bhaill Diaspóra Dhún na nGall atá ag filleadh abhaile.”

 

Drámaí nua

Le blianta beaga anuas, thug an fhéile ardán do dhrámaí nua na contae. Cuirfear dhá dhráma nua ar an ardán le linn féile na bliana seo, ceann amháin acu darb ainm ‘The Housekeeper’ a scríobh an t-aisteoir agus an drámadóir Maura Logue, dráma atá suite in Iardheisceart  Dhún na nGall sna 1960-idí agus dráma díbheathaisnéiseach de chuid Mairtin Jim Mc Fadden ‘Don’t Go There’. Beidh an dráma sin á léiriú ag Balor Rep’s. Chomh maith leis sin, tá dhá sheó le beirt fhear grinn Jon Kenny agus Kevin Mc Aleer beartaithe mar chuid den fhéile. Cuirfidh Kenny píosa darbh ainm ‘Crowman’ a scríobh Katie Holly ar an ardán agus cuirfidh McAleer saothar dena chuid féin ‘Guru’ i láthair. Léireoidh Ciorcal Drámaíochta Dhún na nGall a 19ú seó, ‘China Doll’ le David Mamet fosta.

 

Bí páirteach sa Charnabhal 

Beidh tionscnamh Carnabhail na bliana seo ar siúl i gcomhar le Donegal Connect. Déanfar ceiliúradh, faoin teideal Ag Teacht Abhaile, ar Dhiaspóra Dhún na nGall trí deis a thabhairt do chuairteoirí iad féin a ghléasadh suas i bhfeisteas carnabhail agus a bheith páirteach sa mhórshiúl ar an oíche. Beidh ceardlanna eolaíochta á reáchtáil ag comhpháirtithe an charnabhail- an BSL agus Uisce Éireann chomh maith le turais ag stáisiún cumhachta hidrileictreach Eas Chaitlín i mBéal Átha Seanaidh do scoláirí bunscoile agus meánscoile.

 

Ceol

Tá clár ceoil na bliana seo ar cheann de na cinn is fearr dá raibh ann riamh. Beidh a leithéidí In Their Thousands, The Henry Girls, Slow Place Like Home, Lemoncello, Pine The Pilcrow agus Session Americana ag seinm chomh maith le ceoltóirí traidisiúnta ar nós Patsy Hanly, Roisín McGrory, Tara Connaghan, Steve Cooney, Peter Campbell, Ellie Nic Fhionnghaile, Claire Friel, Shauna Mullin, Brian McNamara, Mick Brown agus Stewart Hardy.

 

 

Buaicphointí córúla

Cuirfidh an fhéile fáilte ar ais roimh Chór na gCruach Gorm agus ensemble gutha Dhún na nGall. Cuirfidh siad mórshaothar Joesph Haydn, The Nelson Mass i láthair I mBéal Átha Seanaidh agus i Srath an Urláir. Beidh dhá eagrán de chlár meascra an Domhnaigh ar RTÉ Raidió 1 á dtaifead ón fhéile arís i mbliana. Déanfar iad a thaifead ag Ionad Ealaíon an Abbey ar an Domhnach 6ú Deireadh Fómhair.

 

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clár na féile a íoslódáil ó www.donegalcoco.ie nó trí @BluestacksFestival a leanúint ar Facebook.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO