Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Freagairt ar Thuilte

Gearradh siar déanta ar fhreagairt na Comhairle ar thuile i nDún na nGall Theas

Gearradh siar ar fhreagra Chomhairle Contae Dhún na nGall ar thuile a tharla i mBaile Dhún na nGall mar thoradh ar #StoirmLorenzo ón mheán lae inniu.

 

Fuair Seirbhís Dóiteáin Chomhairle Contae Dhún na nGall glaoch i dtráth 5.40 ar maidin inniu i dtaca le háitreabh tráchtála 1 agus 4 a bhí faoi uisce i Rae Nua, Baile Dhún na nGall. Chuir tuilte isteach ar reádmhaoin i gceantar Brookfield (5 theach cónaithe) agus Céide Clarendon (6-8 dteach cónaithe) chomh maith le limistéar glas ag Ionad Naomh John Bosco ag Drumrooske i mBaile Dhún na nGall.

 

Glaodh amach ar bhriogáid dóiteáin Bhaile Dhún na nGall, na gCealla Beaga, Shrath an Urláir, na nGleanntach agus Leitir Ceaninn. Ag an am céanna, thug briogáid dóiteáin Bhun Dobhráin freagra ar thuile a tharla i gceantar Bhun Dobhráin. Tharla tuilte i mBaile an tSratha, Laghey agus sna Frosa fosta. Chuir Foireann Bhóithre Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Cosaint Shibhialta Dhún na nGall 2 phumpa ardtoirte agus malaí gainimh ar fáil i gceantar Bhaile Dhún na nGall.

 

 

Tá Seirbhís Tithíochta na Comhairle Contae i dteagmháil leis na teaghlaigh sin atá buailte ag an tuile faoi láthair chun cuidiú tithíochta agus tacaíocht a chur ar fáil.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a mbuíochas a thabhairt don phobal a chuidigh agus a thacaigh le freagairt na tuile seo agus do na meáin as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú le linn na heachtra.

 

Is féidir dul i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 91 53900 (uaireanta oibre) nó 074 91 72288 (éigeandáil). I gcás éigeandála ina mbeadh gá le seirbhís dóiteáin, cuir scairt ar 999 nó 112.

 

Is féidir leat a bheith curtha ar an eolas maidir le cúrsaí aimsire trí chlárú d’ fholáireamh gútháin saor in aisce ar www.mapalerter.com/donegal nó trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO