Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Sláinte Lár Baile

Seiceálacha Sláinte Lár Baile i nDeisceart an Chontae

Ballyshannon

Sa ghrianghraf ag seoladh Seiceálacha Sláinte Comhoibritheacha Lár Baile do Dheisceart Dhún na nGall i mBéal Átha Seanaidh Dé hAoine seo chuaigh thart tá Benny Dorian, Óstán Dorian, An Clr. Barry Sweeny, An Clr. Michael Naughton, Alison Harvey, An Chomhairle Oidhreachta, An Dr. Neil Galway, Ollscoil na Ríona Béal Feirste, Anne Marie Conlon, Comhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Michael McMahon, Eunan Quinn, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Tom Conaghan agus Terry McIntyre, Fiontair na hÉirne.   

 

Seoladh go hoifigiúil Dé hAoine seo caite i mBéal Átha Seanaidh tuairisc úr maidir le seiceálacha sláinte comhoibritheacha lár baile do Bhaile Dhún na nGall, do Bhéal Átha Seanaidh agus do Bhun Dobhráin.  

 

Cuirtear i láthair sa tuairisc torthaí taighde a rinne scoláirí ó Ollscoil na Ríona Béal Feirste (OnaR), a scrúdaigh na dóigheanna a dtig le láir bailte i nDeisceart Dhún na nGall dul i ngleic le dúshláin atá rompu de bharr an meath atá tagtha ar na Sráideanna Móra Traidisiúnta, titim sa líon daoine a dhéanann cónaí iontu, agus timpeallachtaí ar dhroch-chaighdeán de bharr róbhéim a bheith ar riachtanais feithiclí seachas ar spás poiblí.  

 

Rinneadh an taighde mar chuid den Chlár um Seiceálacha Sláinte Lár Baile Comhoibritheacha (SSLBC), atá forbartha ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirt le hinstitiúidí tríú leibhéal, údaráis áitiúla agus grúpaí gnó ar fud na hÉireann.  Bhailigh scoláirí ó Scoil Phleanála OnaR sonraí suirbhé ó úsáideoirí, ó thomhaltóirí agus ó ghnólachtaí agus rinne siad suirbhé mionsonraitheach ar úsáid talún le scrúdú a dhéanamh ar úsáid agus ar mheascán spás urláir, chun príomhtháscairí a oibriú amach, ar nós an líon foirgneamh gan úsáid sna trí lár baile.  Rinneadh cuntais ar choisithe agus suirbhé ar spásanna páirceála chomh maith.

 

Dúirt Ali Harvey, Comhordaitheoir SSLBC leis an Chomhairle Oidhreachta: “léiríonn an obair shuirbhé seo, atá á dhéanamh mar chuid de Ghréasán SSLBC na mBailte Teorann, an tábhacht atá le bunlíne dhaingean agus sonraí iontaofa a bheith ann chun bonn a chur faoi chinnteoireacht agus faoi mholtaí infheistíochta fá choinne láir na mbailte a athnuachan agus a athbheochan.  Tá an-toradh ar an iarracht chomhoibritheach agus ar na smaointe iontacha a bhí ag na scoláirí ó OnaR, agus is dea-thuar do na trí bhaile stairiúla atá i gceist iad na comhpháirtíochtaí nuálacha a cruthaíodh.”

 

Dúirt an Dr Neil Galway, OnaR: “Tá Ollscoil na Ríona ag súil agus ag dúil le bheith ag comhoibriú go leanúnach leis na háisíneachtaí ar fad a bhí páirteach sa togra athnuachana scoláire-bhunaithe seo chun an leas is mó agus is féidir a bhaint as na deiseanna don cheantar seo, lena chinntiú go mbeidh fás agus rath i ndán dó san am atá amach romhainn.  Tá lúcháir orainn gur cuir na páirtnéirí ar fad fáilte mhór roimh smaointe na scoláirí.”

 

Agus é ag caint ag ócáid seolta na tuairisce seo d’fháiltigh an Leas-Chathaoirleach ar Cheantar Bardais Dhún na nGall, An Clr. Michael McMahon, roimh Thuairisc an SSLBC agus dúirt sé: “tugann an tuairisc seo léargas úr dúinn ar na dúshláin agus ar na deiseanna atá ag láir bailte sna trí bhaile thábhachtacha seo i gCeantar Bardais Bhaile Dhún na nGall.  Tá ról ar leith le himirt ag gach baile mór lenár gceantar a fhorbairt agus beidh na moltaí atá déanta sa tuairisc dheiridh seo ina gcuidiú mór chun bonn eolais a chur faoi na tosaíochtaí straitéiseacha do na Pleananna Ceantair Áitiúil in achan cheann de na bailte seo, ag treorú forbairtí agus infheistíocht sna blianta amach romhainn.”

 

Tá cóip den tuairisc seo ar fáil anseo.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO